Goitse, Meitheamh 2010

Tuilleadh spórt ar leathanach 16 Aonach Samhraidh Beidh Aonach an tSamhraidh ar siúl ag an Chomharchumann sa Chrannóg i Srath na Corcra ar an Satharn 5 Meitheamh 12.00 i.n. – 4.00 i.n. Beidh seastáin díolacháin d’earraí ceirde agus ealaíona, ábhar cócaireachta agus glasraí, ceol , dathú aghaidh srl ar an lá. Má tá suim agat spás seastán a chuir san áireamh don lá cuir scairt ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag (074) 9532208. ......................................... Seomra Staire agus Seanchais Beidh an Seomra Staire ins an Chrannóg oscailte gach lá ó Luan go hAoine ón 9-5 (agus ag amanna eile ach coinne a dhéanamh roimhré). Tá cuid mhór ábhar stairiúil, seanphictiúir, sean-irisí agus nuachtáin, chomh maith le cnuasach mhór de leabhair Ghaeilge agus leabhair thagartha a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair agus le Co Dhún na nGall. Tá an t-ábhar iontach úsáideach do mhic léinn agus lucht taighde agus suimiúl d’achan duine. Níl cead an t-ábhar a thógáil amach as an tseomra, ach tá fáilte cóipeanna a dhéanamh. Is áis luachmhar é seo don phobal – bain úsáid as! Tuilleadh eolais ar fáil ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag (074) 9532208. ......................................... Spásanna le ligean ar Cíos Tá roinnt spásanna d’achair éagsúla le ligean ar cíos in ionad an Chomharchumainn (An Chrannóg) i Srath na Corcra. Beidh tús áite a thabhairt do ghnónna nó tograí a fheidhmíonn i nGaeilge nó atá teanga bhunaithe. Is féidir fiosrúcháin a dhéanamh trí scairt a chuir ar Chathal ag (074) 9532208. ......................................... Tuismitheoirí agus tachráin Grúpa Tuismitheoirí agus Tachráin sa Chrannóg maidin Déardaoin 10.00r.n. – 11.30r.n. Tuilleadh eolais: 074 95 32208 ......................................... Aifreann na Crannóige Beidh Aifreann á rá sa Chrannóg i Srath na Corcra , Dé Céadaoin , 9 Meitheamh ( Lá Fhéile Cholmcille) ag 8.00i.n. Tá an t- Aifreann á rá do anamacha iarr bhaill Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair atá ar shlua na mairbh, agus chun an fhoirgneamh a bheannú. Tá fáilte roimh baill an Chomharchumainn agus an Pobal go léir. ......................................... Ranganna sa Chrannóg Dé Luain: Rang Giotár 5.30 – 6.30 & 6.30 – 7.30 Rang Fidil 6.30 – 7.30 Dé Máirt: Bunrang Gaeilge 7i.n. – 8i.n. Dé Céadaoin: Rang Mandolin 5.30 – 6.30 Rang Bosca Ceoil 5.30 – 6.30 Rang Concertina 6.30 – 7.30 Déardaoin: Rang Feadóg 5.30 – 6.30 ......................................... Más mian leat poiblíocht a fháil d’imeacht pobail cuir scéal chuig Goitse ag goitsenuacht@gmail.com . FÓGRAÍ POBAIL goitsenuacht@gmail .com Meitheamh 2010 Goιtse 15 Ar an ionsaigh! Aoife Nic Gairbheith Buaiteoirí! Curaidh Contae Rann na Feirste Cláir agus Katie Cúl! Éirionn le Sadhbha Ní Bhaoill an ceann is fearr a fháil ar chúlbáire fhoireann Tiernasligo agus an liathroid a chur san eangach. Tá cúis gaisce ag foireann na ngirseachaí as Scoil Oilibhéar Pluincéad, Rann na Feirste, a bhain Craobh Chontae Dhún na nGall nuair a bhuail siad foireann Tiernasligo as Inis Eoghain 9-04 in éadan 1-01 i Leitir Ceanainn an mhí seo a chuaigh thart. Gaisce déanta agGirseachaí Rann na Feirste Spórt Seol bhur scéalta spórt agus grianghraif chuig goitsenuacht@gmail.com

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3