Goitse, Meitheamh 2010

Daltaí sona! Naíonáin bheaga ó Scoil Mhín na Manrach 4 Goιtse Meitheamh 2010 Seo agaibh an dara eagrán de Goitse agus, mar a tchidh tú tá sé níos mó ná an chéad cheann agus, ar an drochuair, níos daoire. Bhí comhrá againn le daoine a raibh eolas acu ar chúrsaí gnó agus chinntigh siadsan dúinn nach dtiocfadh linn coinneáil ag gabháil ag an phraghas céanna ar feadh i bhfad. Mar sin de, bhí againn leis an praghas a ardú. Le sin a chur i gcomhthéacs, áfach, tá 16 leathanach lándaite againn agus chumhdaigh muid i bhfad níos mó imeachtaí. Ach, arís, tá muid ag brath oraibhse, na léitheoirí, agus oraibhse atá amuigh ag obair sa phobal na scéalta agus na pictiúirí a thabhairt duinn. Agus tá muid iontach buíoch do na comhlachtaí a thug fógraí dúinn, na grúpaí a thug scéalta dúinn agus na daoine a bhí thar a bheith fial lena gcuid grianghraf. arla rud iontach i ndiaidh láinseáil an pháipéir. Chomh maith leis an chomhghairdeachas, tháinig daoine chugainn ag iarraidh píosaí a scríobh dúinn agus cuidiú le reachtáil an pháipéir seo. Chuir sé lúcháir orainn agus tá muid buíoch daoibh uilig. Tá cúpla eagraíocht sa cheantar seo fosta a chuaigh amach as a gcasán le cuidiú linn. Tá a ios acu féin cé iad féin agus ní dhéarfaidh muid níos mó faoi. Géarchéim Gaeilge Nuair a d’oilsigh muid an chéad eagrán, bhí muid ag súil go mbeimis ag soláthar seirbhíse do dhaoine atá ag iarraidh oiread dá saol agus is féidir a chaitheamh fríd an Ghaeilge. Deir na saineolaithe linn go bhfuil sé iontach tábhachtach go mbeifeá i ndán gach gné de do shaol a chomhlíonadh i do theanga féin. Is léir ón méid ata le rá nach mar sin atá an scéal leis an Ghaeilge agus tá sé scanrúil agus scannalach nach bhfuil seirbhísí ar nós naíonraí Gaeilge ar fáil i nGaeilge amháin do mhuintir na Gaeltachta ata ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge amháin. Go dtí go bhfuil na húdaráisí sásta díriú ar an cheist seo, níl amhras ar bith ann nach i laige a rachaidh an teanga sa Ghaeltacht as seo amach. goitsenuacht@gmail.com Eagarfhocal KÍLA • EDDIE READER • MICK FLANNERY • THE CORONAS • THE DEVLINS • THE SWELL SEASON • NOELIE McDONNELL LUANE PARLE • DECLAN O'ROURKE • GEMMA HAYES • MUNDY • FIACH • THEWALLS • THE SAWDOCTORS •WALLIS BIRD • BELLX1 • KÍLA • EDDIE READER • MICK FLANNERY • THE CORONAS • THE DEVLINS • THE SWELL SEASON • NOELIE McDONNELL LUANE PARLE • DECLAN O'ROURKE • GEMMA HAYES • MUNDY • FIACH • THEWALLS • THE SAWDOCTORS •WALLIS BIRD • BELLX1 • KÍLA • EDDIE READER • MICK FLANNERY • THE CORONAS • THE DEVLINS • THE SWELL SEASON • NOELIE McDONNELL LUANE PARLE • DECLAN O'ROURKE • GEMMA HAYES • MUNDY • FIAC H • THEWALLS • THE SAWDOCTO RS •WALLIS BIRD • BELLX1 • KÍLA • EDDIE READE R • MICK FLANNERY • THE COR ONAS • THE DEVLINS • THE SWELL SEASON • NOELIE McDONNELL LUANE PARLE • DECLAN O'ROURKE • GEMMA HAYES • MUNDY • FIACH • THEWALLS • THE SAWDOCTORS •WALLIS BIRD • BELLX1 • KÍLA • EDDIE READER • MICK FLANNERY • THE CORONAS • THE DEVLINS • THE SWELL SEASON • NOELIE McDONNELL LUANE PARLE • DECLAN O'ROURKE • GEMMA HAYES • MUNDY • FIACH • THEWALLS • THE SAWDOCTORS •WALLIS BIRD • BELLX1 Comórtas Tá 5 chóip den dlúthdhiosca Ceol 10 Súil Siar le bronnadh ag Goitse ar ár léitheoirí ádhúla! Níl le déanamh ach d’ainm agus seoladh a chur chuig: goitsenuacht@gmail.com le go n-árófaí sa chomórtas tú! Lá Oscailte do thuismitheoirí agus a bpáistí ag Scoil Mhín naManrach Tá Scoil Mhín na Manrach le Lá Oscailte bheith acu sa scoil Dé hAoine 11 Meitheamh idir 11rn agus 1in. Iarratar ar thuis- mitheoirí bualadh isteach lena bpáiste agus tamall a chaitheamh le foireann na scoile. Beidh taispeántas nádúir ann le Colm Grant, chomh maith le ceol agus amhránaíocht le Gearóidín Breathnach agus gleacaíocht le Louise Gillespie. Is scoil bheag í Mín na Manrach atá suite idir Loch an Iúir agus Mín an Chorrbhuic sna cnoic in aice le Torr agus cuireadh leis an oirgneamh sa bhliain 2008. De thairbhe lúide na scoile tá teagasc chóir a bheith duine le duine le fáil ag na dáltaí agus is i nGaeilge uilig a dhéantar an teag- asc sin. Tá múinteoir tacaíochta Gaeilge ar fáil, chomh maith le múinteoir oideachais speisialta. Fuair an scoil ríomhairí úra ar na mallaibh fosta. Barróg mhór! Baill d’Ógras An Dúin ag léiriú a mbuíochas dá gceannaire, Aingeal Nic an tSábhaisigh ag Tráth na gCeist Ógras a bhí ar bun sa Chrannóg le linn dóibh cuairt a thabhairt ar an cheantair ar na mallaibh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3