Goitse, Meitheamh 2010

Meitheamh 2010 Goιtse 3 Garraí Úr: Rannpháirthe ag obair ar an Gáirdín Pobail Ionad Naomh Pádraig i nDobhar. Tá an cúrsa seo páirt-maonaithe ag Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall Féasta Ceoil Mheiriceá Laidineach i nDobhar Beidh oíche the shamhraidh den stíl Mheiriceá Laidineach ar siúl i Halla Naomh Pádraig, Dobhar, Dé Sathairn 12 Meitheamh. Beidh na Cuban Orishas ó Chúba ag bualadh rithimí Salsa, agus beidh ceoltóirí áitiúla ag glacadh páirte fosta, agus dioscó Laidineach ar ball. Cuir aithne ar Phobal Laidin- each Dhún na nGall agus ar dhaoine ó chultúir éagsúla, déan comhrá, abair amhrán agus bí ag damhsa an oíche ar fad, agus bia blasta Laidineach ar fáil chomh maith. Tá an ócáid seo saor in aisce. Doirse ar oscailt ar 20.30. Cead isteach le ticéid amháin (ach tá na ticéid saor in aisce). Tá argóint pholaitiúil ar siúl faoi thodhchaí Otharlann Pobail Leifir i ndiaidh muid agóid mhór a eiceáil sa bhaile sin ar 23 Bealtaine. Meastar go raibh cúpla míle duine ar shráideanna Leifir ag éileamh gealltanais ón rialtas nach ndruidfí an otharlann. An tseachtain seo a chuaigh thart, labhair an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ar an cheist ag rá go raibh rún ag an Aire Sláinte Mary Harney smaoin- eamh ar mholtaí otharlann úr a thógáil i Leifear faoi scéim Páirtnéireacht Príobháideach Poiblí (PPP).Ach dúirt Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, urlabhraí leis an ghrúpa pob- lachtach sóisialach Éirigí, a bhí páirteach san agóid, nach raibh áit ar bith sa tseirbhís sláinte don ineistíocht phríobháid- each mar mhaithe le praiféid nuair a bhí airgead an rialtais ag dul i dtreo na bainc a shábháil. Ar lean ó lch 1 Níos moille an tráthnóna céanna, labhair an Dr Mac Giollagáin ar chlár Rónán Beo @ 3 ar Raidió na Gaeltachta agus léirigh sé rudaí gur féidir a chuideódh leis an teanga a thabhairt amach as an abar ina bhfuil sí. Dhírigh sé go díreach ar chúrsaí oideachais. An chéad rud a mhol sé ná go mbeadh sruth Gaeilge amháin do pháistí cainteoirí dúchais Gaeilge sna naíonraí agus sruth eile do pháistí eile a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus go gcoinneófaí an dá dhream scartha óna chéile. I ndiaidh tréimhse tumoid- eachais, nuair a bhí a ndótháin Gaeilge ag na páistí sin, d’fhéadfaí iad a mheascadh. De réir Uí Ghiollagáin, sin an cleachtadh i dtíortha eile agus gur sin an treo inar chóir dúinne gabháil sa tír seo fosta. Bhí moltaí aige do na bunscoltacha fosta, bunaithe arís ar an chleachtas is fearr i dtíortha eile. Mhol sé go mbeadh páistí ar bith nach raibh a ndótháin Gaeilge acu curtha fríd chúrsa tumoideachais ar feadh bliana nuair a thoisigh siad ar scoil Gaeltachta agus ansin, thiocfadh leo gabháil isteach sa ghnáth-rang nuair a bhí go leor Gaeilge acu. Mhínigh sé fosta go raibh gá le Bord oideachais don Ghaeltacht, mar go raibh an curaclam dírithe ar dhaoine a bhí ag foghlaim na teangan, ní ar chainteoirí dúchais. Todhchaí Otharlann Leıfır ag déanamh tınnıs don pobal Maoinigh ár nOspidéil: Cuid den tslua a bhí i mbun léirsithe faoi thodhchaí Otharlann Leifir. Géarchéım Gaeılge An Dr Conchúr Mac Giollagáin: Moltaí oideachais do na naíonraí agus na bunscoltacha

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3