Goitse, Nollaig 2013

Cuirfear tús leis an 20ú Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar an 27 Nollaig agus fógraíodh níos luaithe i mbliana gur seo an t-am deireanach go dtarlóidh sé. Mheas clann Frankie gur seo an t-am le deireadh a chur leis an fhéile. As seo amach beidh lucht na Crannóige, a reachtáil an fhéile iontach Luinneog Lúnasa le cúpla bliain anuas, i mbun scoil gheimhridh dá gcuid féin ag an am céanna den bhliain. Gabhann foireann Ghoitse buíochas le lucht eagraithe Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy as an spórt is an pléisiúr a thug siad d’achan duine ar feadh scór bliain agus guíonn muid gach rath ar an fhoireann úr a bheas i gceannas ar imeachtaí i ndiaidh na Nollag i nGaoth Dobhair. Cuirfidh ceolchoirm leis na grúpaí Altan agus Fidil críoch spleodrach leis an Scoil Gheimhridh ar Lá na Bliana Úire. Scoil deiridh Frankie Kennedy 14 Goitse 20 Nollaig 2013 Trí fichead alt a bhí i gcló ar An tUltach sna blianta (1990 -2003) atá sa chnuasach seo le Pádraig Mac Gairbheith (Padaí Eoin) as Gaeltacht Loch an Iúir i Rosa Thír Chonaill, an chéad leabhar as an Ghaeltacht seo ó tháinig an dara heagrán de Thiar i nGleann Ceo le Tadhg Ó Rabh- artaigh ar an mhargadh i 1969. Bhí dlúthbhaint ag Padaí Eoin le Niall Ó Dónaill (Niall Éilíse) a chuir in eagar an Foclóir Gaeilge-Béarla i 1977. Ba as Loch an Iúir an bheirt acu agus is cosúil gur spreag Niall Padaí Eoin dul i mbun scríbh- neoireachta i dtús an lae. Ina óige d’oibir Pádaí i siopaí Bhriainidh Dhonnchaidh i Rann na Feirste agus Mín Chormaic, bhí sé seal gearr ag obair in Albain agus deich mbliana fichead ina státsheirbhíseach leis an Roinn Leasa Sóisialaigh ar an Chlochán Liath. D’oibir sé ar feadh blianta fada gColáiste Mhuire Loch an Iúir mar reachtaire. Thoisigh sé a scríobh do An tUltach sna caogaidí agus scríobh sé chomh maith do Amárach , Anois , Gaeltacht , Ireland’s Own agus Ireland’s Eye chomh maith le mórán clár a dhéanamh do Raidió na Gael- tachta. Is cosúil fosta go raibh tionchar nach beag ag scríbh- neoirí eile as ceantar Loch an Iúir ar an fhear óg seo, daoine mar Tadhg Ó Rabhartaigh, Fionn Mac Cumhaill, Niall Mac Suibhne, Pádraig Mac Giolla Bhríde, Frainc Mac Grianna, Iósaf Ó Searcaigh agus Briainidh Ó Beirn a bhíodh i dteagmháil le Padaí Eoin go minic. Ba i stair a dhúiche ba mhó a bhí suim ag Pádraig agus cuir- fidh an pobal suim sa tseanchas áitiúil fá leithéidí Donnchadh Mór, Cassie na bhFlowers agus Mary Pheigí Taimí chomh maith le aistí spéisiúla staire ón phar- óiste agus ar fud an chontae. Ba chóir go mbeadh an leabhar seo ina chuidiú do neartú na Gaeilge i Loch an Iúir agus go gcuirfeadh sé le stór seanchais na Rosa atá i leabharthaí mar Na Glúnta Rosannach, Óglach na Rosann, Ó Ghleann go Fánaid, Idir an Dá Ghaoth agus Rann na Feirste. Seán Mac Suibhne, eagarthóir Scéaltaí Phadaí Eoin i gcuideachta clann Mhic Gairbheith ag ócáid seolta an leabhair in Áislann Rann na Feirste. Sa ghrianghraf tá Páid, Eoin, Seán Mac Suibhne, Donncha, (chun tosaigh) Máire (Uí Luadhóg) agus Máire Bn Mhic Gairbheith. Dinny Ó Gallchóir agus Seán Micheál Ó Dónaill ag léamh an leabhar Scealtaí Phadaí Eoin ag an seoladh i Rann na Feirste. Scéaltaí Phadaí Eoin seolta i Loch an Iúir Slua ceoltóirí a tháinig le chéile ar an Bhun Bheag mar chuid de seoladh chlár imeachtaí Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy. Connie Mhary Mhicí ag ceol i dToigh Hiúdaí Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann ag bualadh cúpla foinn ag seoladh Chlár na Scoile. CEOL & LITRÍOCHT

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3