Goitse, Nollaig 2013

Rogha raidió na Nollag Goitse 20 Nollaig 2013 15 Fuair Feardorcha Ó Colla, nó Freddie Fheargail mar a b’fhearr aithne air, bás go tobann ag deireadh Dheireadh Fómhair. Bhí Freddie ar dhuine den seachtar craoltóir a thoisigh a chraoladh do Raidió na Gaeltachta nuair a bunaíodh an stáisiún. Cuirfidh Séamus Mac Géidigh cuid den ábhar a d’fhág Freddie sa chartlann i láthair sa chlár Freddie Fheargail , a chraolfar Dé hAoine 27 Nollaig ag 11rn. Is clár faisnéise é Bus Feda faoin chomhlacht bus a bhunaigh Feda Ó Dónaill as Rann na Feirste sa bhliain 1983 agus atá ag cur seirbhíse idir Dún na nGall agus Gaillimh ar fáil ó shin. Amharcann an clár ar an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís sin agus beidh sé ar Raidió na Gaeltachta ag 11rn Lá ‘le Stiofáin. Beidh cúrsaí logainmneacha, an chiall atá leo agus cá h-as a dtáinig siad, faoi chaibidil ag Donnchadha Ó Baoill as Rann na Feirste sa chlár Logainmneacha a bheas á chraoladh ar 2 Eanáir ag 11rn. Is ball de Choiste na Logainmneacha é Donnchadha. Craolfaidh Raidió na Gaeltachta léacht a thug an tAth. Pádraig Ó Baoill ag Éigse Sheáin Bháin Mhic Meanmain i mbliana fá litríocht Bhaile na Finne Dé Domhnaigh 29 Nollaig. Mar chuid de cheiliúradh 60 bliain den lipéid cheoil Gael Linn, beidh sraith úr Seoda Ceoil á chur i láthair ag Fiachna Ó Braonáin ina ndíreoidh sé ar 6 de na halbaim as catalóg chuimsitheach na comhlachta ceoil. Ina measc siúd, beidh ceirníní le Clannad agus Skara Brae. Toisíonn an sraith ag 11rn ar 24 Nollaig. RAIDIÓ Logainmneacha le Donnchadha Ó Baoill: 2 Eanáir RnaG Seoda Ceoil le Skara Brae ar an 24 Nollaig ar Raidió na Gaeltachta. GRIANGHRAF: GAEL LINN Freddie Fheargail: Dé hAoine 27 Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3