Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Eoghan Ó Curraighín | |
Áit Chónaithe: | Teileann, Teileann, Gleann Cholm Cille. | |
Áit Dúchais: | An Baile Mór, Teileann |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Báis | Bean sí ag caoineadh. Ní chaoineann siad ach amháin i ndiaidh do dhaoine le ‘Mac’ agus ‘Ó’ ina n-ainm bás a fháil. Scéal faoin chaoineadh a chuala Gene é féin uair amháin agus faire béal dorais. | |
| Mallachtaí | Tragóid Bhroclais – mallacht a chur seanbhean darbh ainm Devenney ar chabhlach nuair a cailleadh na hiascairí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Na tiarnaí talún, Connellys, a bhí acu. Bhí siad iontach maith leis na tionántaí i rith am an ghorta, chuir siad moll airgid isteach i gciste do na daoine. Ní dheachaigh mórán acu ocrach. Níor díshealbhaíodh duine ar bith ariamh. Cur síos ar an chíos a bhíodh le díol. | |
| Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Tiarnaí talún, Musgrave, níos fearr arís ná Connelly. Thóg siad teach ósta don áit, thug siad isteach caoraí agus eallaigh. Bhí duine acu ina dhochtúir. Chuidigh siad go mór nuair a cruthaíodh 'Bord na gCeantúr Cúng'. Cheannaigh siad moll bádaí, tugadh cead do na daoine iad a choinneáil agus trian den airgead a rinne siad a thabhairt ar ais don chomhlacht. Ansin i ndiaidh cúig bliana tugadh cead don fhoireann an bád a dhíol agus ceann eile a fháil. | |
| Obair | An obair chloiche agus thógála a bhíonn sé féin a dhéanamh. Ag caint ar a bhunadh, na glúnta roimhe, agus an dóigh a ndearna siadsan an obair chéanna roimhe. | |
| Imirce | Imirce go Meiriceá, d'imigh go leor dá theaghlach féin agus a chomharsana agus níor phill siad ariamh. An tionchar a bhí aige sin ar a shaol. | |
| An Lucht Siúil | Scéal faoi fhear siúil – Páidí Mór. | |
| An Lucht Siúil | Lucht siúil a bhí sa cheantar fadó, ní raibh mórán acu ann agus dhíoladh siad earraí leis na daoine. Ba ghnách leo fanacht sna tithe agus bhíodh oícheanta airneála ag na daoine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Pat Phaidí Mhóir Ó Beirn, dán eile a scríobh sé faoi phíopa. | |
| Filí | Filíocht. Dán á rá aige faoi Biddy Shéamuis a fuair bás sa bhliain 1923. Iompraíodh i gcliabh í nuair a fuair sí bás. | |
| Filí | Filíocht. Dán a scríobh an tAthair Mór Ó Domhnaill do chomórtas in 1935, 1300 bliain i ndiaidh bhás Cholm Cille, ina onóir. Guth Brodúil Thír Chonaill. | |
| Filí | Mícheál an Choradáin, fear siúil sa cheantar a bhí maith ag cumadh dánta. Dán de chuid Mhícheáil á rá ag Gene. Chumadh sé na dánta ag brath ar an deirce a thugtaí dó nuair a théadh sé isteach i dteach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Peil | Peil Gaelach, ag caint ar an chúis nár imir sé féin ariamh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Sióga | Dar le Gene, tá rudaí ann nach féidir a mhíniú agus b'fhearr gan tabhairt fúthu, scéal faoi bheirt fhear a bhí amuigh ag seilg oíche amháin nár chreid ina leithéid agus a chonaic splanc ag teacht as cloch. | |
| An Mhaighdean Mhara | A chuid eolais ar an mhaighdean mhara. Scéal faoi fhear a deirtear a chonaic í lá amháin agus a thug leis 'na bhaile í. | |
| Taibhsí | Taibhsí i dteach tabhairne in áit darbh ainm Cúl an Dúin. Scéal faoi Sean Willie ar leis an áit ar dtús, cur síos ar Willie. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | Bhí go leor eolais ag daoine ó thaobh leigheasanna agus aicidí ar ainmhithe. | |
| Seanchas faoin Iascaireacht | Seanchas Iascaireacht Theilinn. Tháinig meath ar an iascaireacht nuair a fuarthas saoirse ón Bhreatain. Rinne Cogadh na gCarad dochar mór don iascaireacht. | |
| Iascaireacht | Zulus a thugtaí ar na bádaí a d'oibrigh siad orthu, bhí a athair féin orthu. D'oibrigh Gene é féin ar na bádaí seo nuair a d'fhág sé an scoil, ón aois 16 bhliain go dtí 20 bliain. Ag caint ar an iascaireacht a rinne siad, bhí na cearta iascaireacht uilig ag na tiarnaí talún. Bhí £5,000 de dhíth agus tugtar cur síos ar an dóigh a bhfuair na daoine sin ar ais, bhunaigh an sagart cumann agus chuidigh Gael Linn. D'oibrigh seo go maith, bhí cead acu iascaireacht san fharraige ach ní raibh ar an abhainn, athraíodh seo fosta. Bhí luach maith ar an bhradán ag an am sin. | |
| Iascaireacht | Bhí fir as Ceanada ag déanamh staidéir ar aibhneacha agus ar iascaireacht na hÉireann in 1962 agus bhí siad ábalta feiceáil go dtiocfadh meath ar an tionscnamh seo agus an chúis a bheadh leis sin. An scrios a déanann daoine ar na héisc agus truailliú na habhann. | |
| Iascaireacht | Ceannatiheoirí an éisc agus tógáil bádaí sna Cealla Beaga. HJ Nolan, Egans agus Ó Gallchóir. Bhí siad ag teacht ó Bhéal Feirste, Doire agus Contae Mhaigh Eo. Bhí a gcuid fear féin leo leis an obair a dhéanamh. | |
| Iascaireacht | Fostaíocht i dTeileann anois, níl mórán ann níos mó. Tá monarchana sealadacha ag próiseáil éisc. Tionscadal na tógála is mó atá ann anois. Tháinig athrú mór ar an cheantar, moll tithe saoire á dtógáil. Tá na daoine óga ag imeacht le hobair a fháil, níl an oiread Gaeilge á labhairt níos mó. Tá Coláiste na Gaeilge agus na mná tí ag coinneáil na teanga beo. | |
| Deochanna Meisciúla | Déantús an phoitín i dTeileann. Píosa filíochta faoi thragóid a tharla in 1803. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Colm Cille | Seanchas Cholm Cille, bunús a ainm, Criotán (sionnach óg) a baisteadh air, an chúis ar athraíodh é. Scéalta faoi theacht Cholm Cille agus tairngreacht a rinne Fionn Mac Cumhaill go mbeadh Colm Cille ag teacht. Cur síos ar Chónal gabháilban, Niall Naoighiallach. Naomh Pádraig ag baisteadh Cónal gabháilban. Scéal faoi aingeal a tháinig ag máthair Cholm Cille i mbrionglóid sular rugadh é. Bhí achrann idir Colm Cille agus Fionán faoi chóip de leabhair a bhí ag Colm Cille. Bunús ainm Sráth na Circe, cath a troideadh ansin. Cur síos ar an dóigh ar dhíbir Colm Cille diabhail ón Ghleann Dorcha i nGleann Cholm Cille. |
|
| Na Naoimh | Scéal: An saighdiúir croíúil agus Naomh Peadar. | |
| Colm Cille | Scéal faoin mhac a bhíodh ag imirt chártaí. Cearrbhach na Críbe agus Naomh Colm Cille. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Bunadh na hÁite | Stair agus seanchas Theileann. Tógadh an ché in 1883. Cur síos ar na manaigh a shocraigh san Íoslainn, tá a gcuid lámhscríbhínní ansin go fóill. Tá a lán de na logainmneacha céanna i dTeileann agus san Íoslainn mar gheall ar na thuras na mánach. Tá leabhar scríofa ar an dóigh ar fhág siad Teileann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Toibreacha Beannaithe | Lorg teampaill atá ag cé eile, clochar a bhí ann. Bhí triúr deirfiúracha de Cholm Cille ann uair amháin agus déantar turas ann ar an 23 Meitheamh. Tá tobar beag ansin agus cur síos ar an dóigh leis an turas a dhéanamh. Tá pisreoga agus nósanna bainteach leis an áit. | |
| Toibreacha Beannaithe | Pisreoga faoi Thobar na Cora, tobar draíochta in aimsir na Págantachta a raibh baint aige le daoine agus bádaí ar an fharraige agus a muintir a bhíodh sa bhaile ag guí ar a son. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Paidreacha | Liúireach Naomh Phádraig. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer