Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Pat Phaidí Mhóir Ó Beirn, dán eile a scríobh sé faoi phíopa. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Na tiarnaí talún, Connellys, a bhí acu. Bhí siad iontach maith leis na tionántaí i rith am an ghorta, chuir siad moll airgid isteach i gciste do na daoine. Ní dheachaigh mórán acu ocrach. Níor díshealbhaíodh duine ar bith ariamh. Cur síos ar an chíos a bhíodh le díol. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Tiarnaí talún, Musgrave, níos fearr arís ná Connelly. Thóg siad teach ósta don áit, thug siad isteach caoraí agus eallaigh. Bhí duine acu ina dhochtúir. Chuidigh siad go mór nuair a cruthaíodh 'Bord na gCeantúr Cúng'. Cheannaigh siad moll bádaí, tugadh cead do na daoine iad a choinneáil agus trian den airgead a rinne siad a thabhairt ar ais don chomhlacht. Ansin i ndiaidh cúig bliana tugadh cead don fhoireann an bád a dhíol agus ceann eile a fháil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Báis | Bean sí ag caoineadh. Ní chaoineann siad ach amháin i ndiaidh do dhaoine le ‘Mac’ agus ‘Ó’ ina n-ainm bás a fháil. Scéal faoin chaoineadh a chuala Gene é féin uair amháin agus faire béal dorais. | |
Mallachtaí | Tragóid Bhroclais – mallacht a chur seanbhean darbh ainm Devenney ar chabhlach nuair a cailleadh na hiascairí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Stair agus seanchas Theileann. Tógadh an ché in 1883. Cur síos ar na manaigh a shocraigh san Íoslainn, tá a gcuid lámhscríbhínní ansin go fóill. Tá a lán de na logainmneacha céanna i dTeileann agus san Íoslainn mar gheall ar na thuras na mánach. Tá leabhar scríofa ar an dóigh ar fhág siad Teileann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Colm Cille | Seanchas Cholm Cille, bunús a ainm, Criotán (sionnach óg) a baisteadh air, an chúis ar athraíodh é. Scéalta faoi theacht Cholm Cille agus tairngreacht a rinne Fionn Mac Cumhaill go mbeadh Colm Cille ag teacht. Cur síos ar Chónal gabháilban, Niall Naoighiallach. Naomh Pádraig ag baisteadh Cónal gabháilban. Scéal faoi aingeal a tháinig ag máthair Cholm Cille i mbrionglóid sular rugadh é. Bhí achrann idir Colm Cille agus Fionán faoi chóip de leabhair a bhí ag Colm Cille. Bunús ainm Sráth na Circe, cath a troideadh ansin. Cur síos ar an dóigh ar dhíbir Colm Cille diabhail ón Ghleann Dorcha i nGleann Cholm Cille. |
|
Na Naoimh | Scéal: An saighdiúir croíúil agus Naomh Peadar. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Seanchas faoin Iascaireacht | Pisreoga ina cheantar féin. Chaitheadh an fharraige a cuid féin a fháil. Scéal faoi lucht iascaireachta amuigh ar an fharraige, Jimí Johnny an 'skipper' a bhí ar an bhád agus cailleadh an bád. Bhí taibhsí ag cur mallachta ar iascairí ina dhiaidh sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer