Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Donnchadh Ó Colla | ![]() |
Áit Chónaithe: | An Cheathrú Cheanainn, An Fál Carrach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Daoine ag fágáil an oileáin ó bhí am an Ghorta ann. D’imigh daoine go Meiriceá agus chun na hAstráile. D’imigh a bhunadh féin fosta. Bhí scéim ann do dhaoine le himeacht chun na hAstráile. Ní raibh Béarla ar bith acu ach d'éirigh go breá leo. | |
Oileáin | Saol an oileáin: Ag oibriú an talaimh. Ag cur feamnaigh ar an talamh ar na prátaí, ag baint feamnaigh thart fá Aoine an Chéasta. prátaí ba mhó a bhíodh acu. Na cineálacha prátaí a bhíodh acu. Bhíodh coirce acu agus bhíodh siad ag déanamh ceilpe fosta. Bhí teach ann ar a dtugtaí an Teach Dearg, bhíodh siad ag glanadh agus ag sailleadh scadáin ann. D’fhaightí scilling as bairille mór éisc a ghlanadh ann. Fear as tír mór a bhíodh ag tabhairt earraí ar ‘tick’ ar son na ceilpe. Thugtaí na beithígh amach chuig an cheárta le linn rabharta na Féile Pádraig. |
|
Oileáin | D'éirigh go maith le lucht an oileáin i Meiriceá. Beirt de lucht an oileáin a bhí ina ndamhsóirí. Bhí sé féin 7 mbliana d’aois nuair a bhog a theaghlach anall chun an oileáin arís. A chuimhní ar an teach agus ar an tsaol a bhí acu thall i Meiriceá. ‘The Most Blessed Sacrament’ ainm na scoile ar fhreastail sé uirthi. | |
Oileáin | Tháinig Dinny amach go Machaire Rabhartaigh le dul ar scoil. Cur síos ar an lá ar fhág sé an t-oileán le teacht amach. Bhí sé ag stopadh i dteach in aice na scoile agus bhí cumha iontach air i ndiaidh an bhaile. Bhí dhá oide sa scoil, Seán Mór Hanraí as Gaoth Dobhair nó Croithlí agus Nóra Ní Earcáin as Gort an Choirce. Fear an oileáin a thugtaí ar Dinny. Cur síos ar a chuid ama ar scoil. | |
Oileáin | Socrú ar an oileán agus roinnt an talaimh: Ochtar de chlann Uí Cholla an chéad dream a shocraigh blianta ina dhiaidh sin agus bhí duine dá mhuintir féin ann, as Mín na Cuinge, agus roinneadh an talamh idir ochtar acu. Ar dhroim bheithígh a chuaigh siad isteach. Iascaireacht is mó a bhíodh acu ach ní raibh mórán eolais acu ar an cheird ar dtús. D’fhoghlaim siad de réir a chéile. |
|
Oileáin | Bhí a lán timpistí ar an oileán, scéal faoi theaghlach ón taobh thoir den oileán a chuaigh amach agus bádh an t-iomlán, thart fá 1929. An t-eolas a bhí ag an sagart faoin timpiste. Stócach beag acu a bhí beo tamall ach a raibh gearradh mór ar a chos aige agus fuair sé bás ina dhiaidh sin. Scéal eile, faoi bhád a bhí amuigh ag iascairacht brádáin le beirt deartháireacha agus beirt chol ceathrair air agus a scoilteadh ina dhá leath le bád de chuid na Sasanach. Fuair siad uilig bás seachas fear amháin, tógadh sa deireadh é. Colceathar de chuid Dinny, Pádraig Ó Colla a bhí ann. Tógadh go Port Rois é. |
|
Oileáin | An dóigh a leagtar an t-oileán amach ó thaobh creaga agus cloch de. Na scoilteanna agus na clocha. Nádúr an talaimh. Féar glas uilig gan cnoic, talamh iontach maith. Cosúil leis an Íoslainn. Tá trá mhór ann agus thig siúl trasna na trá go tír mór. Bhíodh siad ábalta beithígh a thabhairt trasna roimhe seo ach cailleadh cúpla fear á dhéanamh sin, scéal faoi fhear acu. | |
Oileáin | A chuimhní ar bhaint na ceilpe ar an oileán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Bhí Kingsley Porter agus a bhean ina gcónaí san áit is scoite ar an oileán i mbothóg cinn tuí déanta as cloch eibhir (granite). Thug sé £2 do gach duine ar an oileán sa dóigh is go mbeadh cead aige siúl áit ar bith ar an oileán. Bhí deartháir leis ina ealaíontóir agus bhíodh sé istigh ar an oileán ag tarraingt pictiúir. Oíche amháin bhi fir amuigh ag iascaireacht agus deirtear go raibh an solas ar siúl sa teach i rith na hoíche. Ar maidin chuaigh a bhean chuig a comharsa le rá leo go raibh a fear ar iarraidh, nuair a dúirt siad go rachadh siad á chuartú ní raibh sí á iarraidh sin. Chuaigh siad ar scor ar bith ach ní raibh se le fáil. Tamall ina dhiaidh sin, d’fhág sí an t-oileán le trunca mór a ghlac seisear fear lena thógáil. Mheas cuid acu gur sa trunca a bhí sé. Milliúnaí a deireadh muintir an oileáin a bhí ann. Ollamh a bhí ann in Ollscoil Harvard agus tháinig sé chun na hEorpa. Tá a theoiricí fein ag Dinny faoi seo uilig. Scéalta eile a chuala sé faoi Kingsley Porter a thaispeáin nach raibh sé marbh ar chor ar bith. |
|
Tubaistí Áitiúla | Bád a chuaigh go tóin poill ar a bhealach go bá Bhaile an Easa. Shnámh athair Patrick Coll, fear ar a dtugtaí 'an stiller' air (Curran), chun talaimh ach chuaigh sé amach arís lena bhean a fháil agus bádh iad uilig. Scéal faoi fhear dárbh ainm Séamus Ó Colla (Jimmy John) a bhí ag gabháil isteach chuig an Chlochán oíche amháin ar dhroim bheithígh ach bádh é. Scéal faoi bhád darbh ainm 'Earl of Derby'. Bhí damáiste déanta den bhád, amach ó chósta Mhachaire Uí Rabhartaigh, tugadh go Learpholl é ach nuair a a shroich siad, thug siad faoi deara go raibh beirt fhear as Inis Bó Finne ólta ar an rum a bhí air. Bád eile, 1806, a d’fhág Sligeach le dul go Glaschú, bhí doineann iontach ann, maraíodh 72 duine. Cuireadh i nDoire iad. |
|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal faoi Ruairí Mór, deirtear go bhfuair sé bás ar Inis Bó Finne le hocras i rith am an ghorta ach deir Dinny nach bhfuair. Bhí cónaí air in Inis Dúiche agus bhíodh sé ag taisteal go dtí an Fál Carrach. Scaoil na Sasanaigh lá amháin é ach d’éalaigh sé uathu. | |
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal ó sheanbhean ar an oileán faoi 'Maolmhuire an Bhata Bhuí', fear a luadh i leabharthaí staire, tugadh bata mar bhronntanas ó rialtas Shasana. Oileán Uí Bhaoill. Scéal eile uaithi faoi bhád a tháinig isteach ar an trá agus gan a dhath uirthi ach pónaithe. Scéal eile faoi bhád a chuaigh go tóin poill agus bhí lucht óir uirthi. B'fhéidir gur bád de chuid an Armada a bhí ann. Ní bhfuarthas ór ariamh uaithi ach tá cloch ann a dtugann muintir an oileáin Cloch an Óir air. |
|
Imeachtaí Áitiúla Eile | Scéalta faoi thimpistí a tharla de chuid den mhuintir óg a raibh aithne aige orthu. Buaileadh duine le carr agus scéal eile faoi stócach beag a cuireadh ar thine, caitheadh gásailín air. Scéal faoi fhear eile a chuaigh suas ar thraein le sioc a ghoid agus maraíodh é leis an leictreachas. Scéal eile faoi lá a raibh sé féin, a dheartháir agus cara leo sa pháirc. Thosaigh dream eile ag caitheamh cloch orthu. An dóigh ar thug sé orthu stopadh. |
|
Imirce | Ag teacht ar ais 'na bhaile as Meiriceá, 29 Meitheamh 1938. A chuimhní ar Mheiriceá a fhágáil, ag amharc ar ais ar ché Nua-Eabhraic agus an bád ag tarraingt amach. Bhí aimisir chiúin ann. Casadh an ‘Queen Mary’ orthu agus iad ag teacht anall. Eachtra a tharla dó ar an bhád le fear a casadh air a choinnigh greim air amach os cionn an uisce. Seachtain a ghlac an turas go Moville agus ansin go Doire. Fuair siad an bus go Gort an Choirce ansin. B’éigean daofa fanacht ar tír mór cúpla lá sula raibh siad ábalta dul chuig an oileán. A chuimhní ar na daoine a casadh air agus a chéad radharc den oileán. A dhaoine muinteartha. An Ghaeilge agus an Béarla a bhí acu nuair a tháinig siad 'na bhaile chuig an oileán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Reiligí Áitiúla | Bhí Mánaigh ar Oileán Dúiche thart ar an 7ú haois. Tá ballóga theach an phobail ansin go fóill. Tá reilig ansin fosta agus bhí an áit lán coiníní ach ní dhearna na coiníní riamh poll sa reilig. Scéalta eile faoin reilig. | |
Reiligí Áitiúla | An altóir atá déanta as clocha cruinne agus cros uirthi. Níl a fhios ag aon duine go díreach cá fhad a bhí an altóir ansin. Tá cloch ar an oileán a tugadh ó Inis Dúiche, bhí poll sa chloch fá choinne uisce coisricthe agus tá sé in Inis Bó Finne anois. Tá teach pobail ar Inis Dúiche atá déanta go neamhchoitianta, tá clocheochair ann agus fuinneoga iontach caol. Tá reilig ansin fosta agus cé go bhfuil an áit lán coiníní, ní dhearna ceann ar bith acu poll sa reilig ariamh. Corp fhir a fuarthas a bhí mar an gcéanna leis an dóigh ar cuireadh sa talamh é, bhí féasóg mhór fhada bhán air. | |
Reiligí Áitiúla | Ní raibh mórán reiligí ann ag an am, marbhfháisc an t-ainm a bhíodh ar an éadach a bhíodh ar an chorp. Bhí áit i Machaire Uí Rabhartaigh a chuirtí na coirp sa ghaineamh go dtí go mbíodh an lá maith agus iad ábalta na coirp a thabhairt isteach chuig an oileán. Bhí áit eile i nDroim na Tinne a dhéanadh siad na coirp a chur ann fosta. Thart fá 40 bliain ó shin, i dTóraí, bhí an fharraige ag tochailt isteach faoin talamh agus bhí na cnámha á dtabhairt amach. Dúradh go raibh corp ann fosta a bhí mar an gcéanna leis an lá a cuireadh sa talamh don chéad lá ariamh é. Thóg siad cró os a chionn. |
|
An Óige agus Aois | Tógadh thall i Meiriceá é agus tugadh anall chuig an oileán é. Chuaigh sé go Machaire Rabhartaigh ansin le freastal ar an scoil, bhí scoil úr ann nach raibh foscailte ach seachtain nó coicís nuair a tháinig seisean amach ón oileán, cur síos ar an scoil. Bhí seanscoil acu roimhe sin le seomra amháin. Scéal faoi fhear agus a nia as Machaire Rabhartaigh a raibh beithíoch agus carr acu. Bhí siad ag tarraingt ar áit ar a dtugtaí Poll an Raithnigh, míle ón scoil. Ag tarraingt anuas clocha. TÁ BRISEADH SA TÉIP ANSEO, TÁ PÍOSA MEASARTHA DEN SCÉAL CAILLTE. Bhí siad ag obair do chonraitheoir ach sa deireadh thiar thall, ní bhfuair siad airgead ar bith. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Tuilleadh logainmneacha. Ina measc, An Clochán agus an chúis ar tugadh an t-ainm sin air. An Barr. An Scraith. An Garradh Bán. An Páirc Úr agus an Talamh Scallta. An Mullach Bán. An Portach. An Tobar Mór. Port na Bothóige. | |
Logainmneacha | Oileán Inis Bó Finne agus a logainmneacha: Áit ar chúl an oiléain ar a dtugtar Oileán na Marbh agus scéal faoi chéad bliain ó shin nuair a chuaigh na Sasanaigh isteach. Chuaigh na daoine i bhfolach agus chuir na Sasanaigh ceist ar ghirseach óg amháin a bhí fágtha cá raibh an chuid eile de na daoine. D’inis sí daofa agus bhain siad an ceann di, mharaigh fear eile an fear a mharaigh ise. Tugtar Scoilt na Ribe Ruaidh (gruaig rua a bhí ar an ghirseach), ar an áit ar thit an fear a mharaigh í. Ach maraíodh na daoine uilig ar an oileán. |
|
Logainmneacha | Seanchas ainm 'Inis Bó Finne'. Tá ceangal idir Inis Bó Finne i gConnacht agus an ceann seo le Naomh Colmán ag taisteal ó cheann go ceann. Tá scoilteanna sa talamh agus deirtear go raibh na haithreacha naofa as an Ardaí ann la amháin ar saoire agus gur leigh siad aifreann ann, chuir na daoine clocha thart air agus anois tá sean altóir ann. Tá scéalta difriúla faoin áit seo, altóir nó áit folaigh do na sagairt i rith am na bpéindlíthe, tá áit coimhéadta ann. Tá áit eile ar a dtugtar Scoilt na gColmán, measann Dinny gur ainmníodh seo i diaidh Naomh Colmán, gur seo an áit a dtagtaí Naomh Colmán chun tíre. Toibreacha an oileáin. Tréan uisce sna toibreacha. Tá loch mór thíos fúthu. Scéal fosta faoin dóigh a bhfuair an t-oileán a ainm ó chreig. Deir sé fosta gur bó an sean-ainm ar inis. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sagairt | Cumhacht shagart Mhic Phaidín. Bhítí ag déanamh poitín istigh ar an oileán. Scéal faoin lá a ndeachaigh an garda cósta isteach ar an oileán le teacht ar na daoine a bhí ag déanamh an phoitín. Scéal faoi stócach ar an Fhál Charrach a chuaigh a fhad leis an tsagart le hinsint dó go raibh sé lena scaoileadh an lá arna mhárach. Iníon an mhinistir a thosaigh ag gáire faoin tsagart lá amháin agus é ag siúl ar an bhealach mhór. |
|
Comharthaí Báis | Scéalta faoi iascairí a chuaigh amach ar bháid agus a fuair comharthaí báis. | |
Nósanna agus Piseoga | Pisreoga ón tseanbhean fosta: An sagart agus an bád. An fear a scaoil an giorria sa chos. pisreoga a d’inis fear as Albain daofa: Giorria a théadh isteach sa teach gach lá. Bhí an clog ar an bhalla ag Dinny agus ar chuid mhór tithe ar an oileán. |
|
Sagairt | Scéal faoi chumhacht an tsagairt, An tAthair Shiels istigh ar an oileán in Inis Bó Finne. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Lonnú agus Cónaí | Pisreoga na ndaoine ar an oileán: Chreidtí dá sábhálfá duine, go gcaillfí tú féin. Droch-ádh a bhí ann dá gcastaí bean rua ort ag dul ag iascaireacht. Bhí rud ann a dtugtaí an droch-amharc air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Cuntas ar an oileán ó thús go deireadh. Rudaí a fuarthas ar an oileán a thug le fios do na daoine go raibh daoine ina gcónaí ar an oileán fadó a bhí ag brath ar an fharraige. Fuarthas cloch nach ón oileán é. Clann Mhic Suibhne an chéad dream a chur futhu ar an oileán agus bhí siad beo ar an talamh agus ó phrátaí den chuid is mó. Ní raibh portaigh ar bith ar an oileán ach fuair siad portaigh ar an tír mór, bhí obair chrua acu leis an mhóin a thabhairt chun an oileáin. Bhí áit chruaiche ag achan duine. Bhítí ag déanamh poitín ar an oileán fosta. D’imigh cuid mhór de lucht an oileáin go Meiriceá. Bhíodh cuid mhór iascaireachta ar siúl fosta, iascairacht gliomaigh. Bhí cuid mhór beithígh acu leis an obair throm a dhéanamh, 28 acu, agus dhá uair sa bhliain, ag rabhartach na Féile Pádraig agus rabhartach na Féile Muire san Fhómhar, théadh na beithígh amach ón Chlochán go tír mór i lár an lae le crúba a fháil ansin ar ais chuig an oileán arís ag meán oíche, cailleadh traidhfil acu an dóigh sin fosta. D’fhág an beithíoch deireanach an oileán sna seachtóidí. Ó thaobh cúrsaí creidimh de bhí baint ag Naomh Colm Cille agus ag Naomh Colmán leis an oileán. Chaitheadh na daoine teacht amach go Gort an Choirce le dul chun an Aifrinn, an bád a fháil ón oileán go Machaire Uí Rabhartaigh ar dtús agus ar ais. Bhíodh scoil sna tithe ann gur tógadh an scoil in 1895, thosaigh na daoineag dul 'na scoile agus iad 12 bhliana d’aois agus chuaigh siad faoi láimh an Easpaig agus iad 20 bliain. Bhíodh an scéalaíocht go mór mar chaitheamh aimsire acu. Bhíodh siad ag imirt cártaí agus ag damhsa chomh maith. Thagadh báid ó Thoraigh, Inis Meáin agus Gabhla corr uair chuig na damhsaí dá mbíodh an aimsir maith. Tá athrú mór ar achan rud anois, tá siad uilig imithe go tír mór ach creideann Dinny, é féin, go dtiocfaidh athrú ar rudaí arís. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Naoimh | Na Mánaigh a tháinig go hInis Dúiche ar dtús. Bhí siad ar Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire. Bhí Naomh Dúiche ar fhear acu. An dóigh ar chaith siad bata agus an áit ar thit sé. Bhí Naomh Colm Cille agus Naomh Beag ann fosta. | |
Na Naoimh | Cnoc na Naomh: Chonaic sé taibhse sa spéir uair amháin agus é ag buachailleacht ar Chnoc na Naomh. Bean ba ea í, gruaig fhada uirthi agus í ag clúdach leath na spéire. Tá creig ar an chnoc sin fosta agus lorg coise ann, deir siad gur lorg coise Cholm Cille é. Tá áit ann fosta ar bharr an chnoic a dtugtar Corr / Cur na Leabhar air. Cur síos ar an mhíniú a bhaineann sé féin as an ainm seo. Tógadh cros ann cúpla bliain ó shin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | An Stalwick, 1941 Tháinig Dinny ó Mheiriceá nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois, chuaigh sé isteach chuig an oileán agus tar éis bliana cuireadh amach é le buachailleacht. Chuaigh sé ar scoil i Machaire Rabhartaigh. Ba é Séan Mór Hanraí an máistir scoile ag an am sin. Bhí sé ar scoil an lá a tháinig duine le scéala, chuaigh siad uilig amach le hamharc ar an bhád a caitheadh isteach in éadan na gcreigeacha in Inis Dúiche, bhí damáiste déanta di cheana ó thoirpéad. Léim triúr fear di isteach san fharraige ach bhí an fharraige garbh an lá sin agus bádh iad. Fuarthas an t-inneall ón bhád ina dhiaidh sin. Ba Dé Céadaoin a tharla an t-eachtra sin agus deirtear ó shin go dtosódh an t-inneall ag obair dóibh gach lá den tseachtain ach amháin Dé Céadaoin. Cuireadh an triúr fear a bádh i reilig Chill Ulta ach tógadh cúpla bliain ó shin iad agus tugadh 'na bhaile iad. Ba as an Iorua an bád agus na fir. Lucht de scoith an pháipéir a bhí ar an bhád. Bhí cruach uirthi fosta. Cailleadh bád eile an bhliain chéanna, Meitheamh 1941. Chonaic Dinny an tionlacan amuigh ar an fharraige agus eitleáin na nGearmánach ag caitheamh buamaí anuas air. 'Iris' an t-ainm a bhí ar an bhád a tugadh go cé Bhaile an Easa agus is litreacha a bhí á n-iompair aige. B'éigean dóibh rudaí a chaitheamh di mar go raibh sí pollta, bhí stocaí síoda agus litreacha ag teacht isteach ar an Chladach, bhí na daoine ag tabhairt leo na litreacha agus ag cuardach iontu le hairgead a aimsiú. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer