Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Oileáin | Daoine ag fágáil an oileáin ó bhí am an Ghorta ann. D’imigh daoine go Meiriceá agus chun na hAstráile. D’imigh a bhunadh féin fosta. Bhí scéim ann do dhaoine le himeacht chun na hAstráile. Ní raibh Béarla ar bith acu ach d'éirigh go breá leo. | |
| Oileáin | Saol an oileáin: Ag oibriú an talaimh. Ag cur feamnaigh ar an talamh ar na prátaí, ag baint feamnaigh thart fá Aoine an Chéasta. prátaí ba mhó a bhíodh acu. Na cineálacha prátaí a bhíodh acu. Bhíodh coirce acu agus bhíodh siad ag déanamh ceilpe fosta. Bhí teach ann ar a dtugtaí an Teach Dearg, bhíodh siad ag glanadh agus ag sailleadh scadáin ann. D’fhaightí scilling as bairille mór éisc a ghlanadh ann. Fear as tír mór a bhíodh ag tabhairt earraí ar ‘tick’ ar son na ceilpe. Thugtaí na beithígh amach chuig an cheárta le linn rabharta na Féile Pádraig. |
|
| Oileáin | An dóigh a leagtar an t-oileán amach ó thaobh creaga agus cloch de. Na scoilteanna agus na clocha. Nádúr an talaimh. Féar glas uilig gan cnoic, talamh iontach maith. Cosúil leis an Íoslainn. Tá trá mhór ann agus thig siúl trasna na trá go tír mór. Bhíodh siad ábalta beithígh a thabhairt trasna roimhe seo ach cailleadh cúpla fear á dhéanamh sin, scéal faoi fhear acu. | |
| Oileáin | D'éirigh go maith le lucht an oileáin i Meiriceá. Beirt de lucht an oileáin a bhí ina ndamhsóirí. Bhí sé féin 7 mbliana d’aois nuair a bhog a theaghlach anall chun an oileáin arís. A chuimhní ar an teach agus ar an tsaol a bhí acu thall i Meiriceá. ‘The Most Blessed Sacrament’ ainm na scoile ar fhreastail sé uirthi. | |
| Oileáin | In am an chogaidh bhíodh a lán lastaí/airteagail ag dul isteach chun an oileáin ó bháid. Scéalta faoi sin, uair a chuaigh lasta rum isteach agus scéal eile faoi mhianach talúin a phléasc ach nár maraíodh duine ar bith. Bhí mianach talúin eile fosta amuigh ar an fharraige a tháinig chun talaimh. Fuarthas an sagart le paidir a rá agus d'imigh sé soir leis an tsruth sular tháinig sé i dtír, amach ó na tithe. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Logainmneacha | Seanchas ainm 'Inis Bó Finne'. Tá ceangal idir Inis Bó Finne i gConnacht agus an ceann seo le Naomh Colmán ag taisteal ó cheann go ceann. Tá scoilteanna sa talamh agus deirtear go raibh na haithreacha naofa as an Ardaí ann la amháin ar saoire agus gur leigh siad aifreann ann, chuir na daoine clocha thart air agus anois tá sean altóir ann. Tá scéalta difriúla faoin áit seo, altóir nó áit folaigh do na sagairt i rith am na bpéindlíthe, tá áit coimhéadta ann. Tá áit eile ar a dtugtar Scoilt na gColmán, measann Dinny gur ainmníodh seo i diaidh Naomh Colmán, gur seo an áit a dtagtaí Naomh Colmán chun tíre. Toibreacha an oileáin. Tréan uisce sna toibreacha. Tá loch mór thíos fúthu. Scéal fosta faoin dóigh a bhfuair an t-oileán a ainm ó chreig. Deir sé fosta gur bó an sean-ainm ar inis. |
|
| Logainmneacha | Logainmneacha, Inis Bó Finne. Tá míniú ar chuid acu le cois scéalta beaga a bhaineann le cuid acu fosta – Barr an Ghoib, Cúl na Leic, Tobar Mhuiris, Tobar an Bhrí, Tobar Sheáin Óig, Na Carr Dhonnchaidh, Tóin an tSean tSochaí, An Garra Bán, An Staca Bán, Leac na Mónadh, Scoilt na gCoirín, Scoilt na hAltóra (altóir le linn am na bpéindlíthe), Scoilt na gColmán, Scoilt na Seangán, Scoilt an Ghearráin Mhóir (tá tobar ag a thaobh ina bhfuil boinn), Scoilt Bun an Chlaí, Scoilt an Mhairnéalaigh, Scoilt na Bó (thit bó síos ann), Scoilt Phaidí, Scoilt na Muiríní. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Bhí Kingsley Porter agus a bhean ina gcónaí san áit is scoite ar an oileán i mbothóg cinn tuí déanta as cloch eibhir (granite). Thug sé £2 do gach duine ar an oileán sa dóigh is go mbeadh cead aige siúl áit ar bith ar an oileán. Bhí deartháir leis ina ealaíontóir agus bhíodh sé istigh ar an oileán ag tarraingt pictiúir. Oíche amháin bhi fir amuigh ag iascaireacht agus deirtear go raibh an solas ar siúl sa teach i rith na hoíche. Ar maidin chuaigh a bhean chuig a comharsa le rá leo go raibh a fear ar iarraidh, nuair a dúirt siad go rachadh siad á chuartú ní raibh sí á iarraidh sin. Chuaigh siad ar scor ar bith ach ní raibh se le fáil. Tamall ina dhiaidh sin, d’fhág sí an t-oileán le trunca mór a ghlac seisear fear lena thógáil. Mheas cuid acu gur sa trunca a bhí sé. Milliúnaí a deireadh muintir an oileáin a bhí ann. Ollamh a bhí ann in Ollscoil Harvard agus tháinig sé chun na hEorpa. Tá a theoiricí fein ag Dinny faoi seo uilig. Scéalta eile a chuala sé faoi Kingsley Porter a thaispeáin nach raibh sé marbh ar chor ar bith. |
|
| Tubaistí Áitiúla | Bád a chuaigh go tóin poill ar a bhealach go bá Bhaile an Easa. Shnámh athair Patrick Coll, fear ar a dtugtaí 'an stiller' air (Curran), chun talaimh ach chuaigh sé amach arís lena bhean a fháil agus bádh iad uilig. Scéal faoi fhear dárbh ainm Séamus Ó Colla (Jimmy John) a bhí ag gabháil isteach chuig an Chlochán oíche amháin ar dhroim bheithígh ach bádh é. Scéal faoi bhád darbh ainm 'Earl of Derby'. Bhí damáiste déanta den bhád, amach ó chósta Mhachaire Uí Rabhartaigh, tugadh go Learpholl é ach nuair a a shroich siad, thug siad faoi deara go raibh beirt fhear as Inis Bó Finne ólta ar an rum a bhí air. Bád eile, 1806, a d’fhág Sligeach le dul go Glaschú, bhí doineann iontach ann, maraíodh 72 duine. Cuireadh i nDoire iad. |
|
| Imeachtaí Áitiúla Eile | Mianaigh a tháinig isteach: Scoilt an Mhine (Scoilt an Chladaigh Fhuil). Scéal faoi mhianach a tháinig isteach agus a phléasc. Scéal eile faoi mhianach a bhí ina luí amuigh ar an fharraige ón chósta. Labhair cúpla duine de na hoileánaigh leis an tsagart Shields agus mar a d’imigh an mianach leis an tseol mhara. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Reiligí Áitiúla | An altóir atá déanta as clocha cruinne agus cros uirthi. Níl a fhios ag aon duine go díreach cá fhad a bhí an altóir ansin. Tá cloch ar an oileán a tugadh ó Inis Dúiche, bhí poll sa chloch fá choinne uisce coisricthe agus tá sé in Inis Bó Finne anois. Tá teach pobail ar Inis Dúiche atá déanta go neamhchoitianta, tá clocheochair ann agus fuinneoga iontach caol. Tá reilig ansin fosta agus cé go bhfuil an áit lán coiníní, ní dhearna ceann ar bith acu poll sa reilig ariamh. Corp fhir a fuarthas a bhí mar an gcéanna leis an dóigh ar cuireadh sa talamh é, bhí féasóg mhór fhada bhán air. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer