Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Séamus Ó Fearraigh | ![]() |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha, An Fál Carrach, An Fál Carrach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Gaol Sóisialta agus Teaghlaigh | Seanchas a theaghlaigh. As Bun an Leaca bunadh a theaghlaigh, fear darbh ainm Séamus. Bhí fear eile, Mícheál, i mBedlam i nGort an Choirce. Bhí a chol ceathar as Meiriceá ag déanamh crann an teaghlaigh agus dúirt seisean gur pósta ar bhean de chlann Uí Bhriain as Cill Ulta a bhí fear acu (MaryAnn O’Brien) ach shíl Jimeile é féin gur pósta ar bhean darbh ainm Ó Colla as an oileán, Inis Bó Finne, a bhí sé (Mícheál – a gharathair mór). Bhí an col ceathar seo ag obair ag DuPont i rith a shaoil agus thug Jimeile é féin cuairt air thall san Ghinéiv. Bhí post mór aige agus léir taistil le déanamh aige. Bhí sé ag obair do Rialtas Mheiriceá nuair a d’éirigh sé as an post sin. Níl siad cinnte cé a bhí an Mícheál seo pósta air. Bhí ceithre dhream Ó Colla ar an oileán ach ní raibh muintearthas ar bith idir aon cheann acu. As clann Uí Fhearraigh i mBun an Inbhir ansin a tháinig sé féin, tá siad uilig curtha in aice a chéile i nGort an Choirce, a dhream as Bun an Inbhir agus as Inis Bó Finne. |
|
Obair | An mhaith ata sa cheilp, lán íodaín. Bhí an feamnach maith do chnámha nimhneach. | |
Seirbhís Mhíleata | An saol ag éirí aníos ar Inis Bó Finne. Bhí saol ar dóigh aige, ag imirt peile, socair, níor imigh siad peil Gaelach ar bith. Chuir na Dúchrónaigh deireadh leis. Rinne siad iarracht deireadh a chur leis an Ghaeilge fosta, na cuimhní a bhí ag a mháthar ar seo, ag dul na scoile agus gan cead acu Gaeilge a labhairt nó leabhar Ghaeilge a bheith acu ach bhí a gcuid leabhair Gaeilge féin sa bhaile acu. | |
Obair | An obair a rinne sé nuair a bhí sé óg, ar dtús bhí sé ar fhostú i dteach i Machaire Uí Rabhartaigh ag clann Mhic Pháidín agus bhí dúil mhór aige ansin. Ag buachailleacht a bhí sé. D’fhreastal sé ar scoil ar tír mór nuair a bhí sé amuigh i Machaire Uí Rabhartaigh, bhí sé ar scoil bheag ar an oileán ar dtús. Ní raibh dúil aige sa scoil amuigh ar tír mór, bhí barraíocht eagla air. A scéalta faoin am a chaith sé ar scoil leis an mháistir. |
|
Spailpíní | D’imigh sé go hAlbain nuair nach raibh iascaireacht ar bith le déanamh. Ag inse mar a shroich sé thall agus gan a dhath leis ach airgead na hÉireann, ní raibh a fhios aige go raibh airgead eile in úsáid thall in Albain. Chuaigh siad go Falkirk ar dtús agus bhí go leor oibre le fáil, ní raibh mórán de phá ach thart ar £7 sa tseachtain. Bhí sé ag obair le fir as an bhaile thall. Ag obair in scaglann ola, bhí fuath aige ar an obair agus ar an bholadh a bhí ann. Chaith sé bliain thall, bhí sé anonn agus anall na bhaile cúpla uair. Ag stopadh in models a bhí siad agus bhí siad garbh. Thiocfadh le 15 fear a bheith sa seomra amháin. Bhí fear amháin ag stopadh leis a bhí speisialta maith ag tarraingt pictiúr. | |
Obair | Ag baint móna ar tír mór agus an streachailt iontach a bhí ag na hoileánaigh leis an obair sin. Bhí fuath aige ag dul na phortaigh. Bhí siad ag dul fríd cuid mhór móna mar go raibh dhá thine lasta sna tithe acu, le cócaireacht agus araile. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh acu leis an mhóin. Bhí siad ag cailleadh léir ama ón iascaireacht fosta. | |
An Eaglais Chaitliceach | Tógadh teach an phobail in Inis Bó Finne i 1965. An Dr. Ó Shíal a chur tús leis. Cur síos ar an am a thosaigh siad, an obair a rine siad, an caitheamh aimsire a bhíodh acu gach oíche agus an lá a osclaíodh í. | |
An Creideamh | Bhí creaideamh láidir ar oileán Inis Bó Finne. Chur na sagairt bheannaithe suas Cros Bheannaithe i 1910 a d'adhradh muintir an oileáin gach lá nuair nach raibh siad ábalta fáil amach go tír mór. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Snámh | Bhí léir de na hiascairí nach raibh snámh ar bith acu. | |
Damhsa | Caitheamh Aimsire, damhsa sa scoil a bhíodh acu achan oíche agus ansin ghearr siad anuas e go trí oíche sa tseachtain. Thagadh na girseacha ón Lagán agus thosaíodh na damhsaí. San am sin, chaitheadh na girseacha go háirithe sé mhí den bhliain ar an Lagán. Dhá uair ina shaol a chonaic sé a athair ólta, ceann acu an lá a tháinig a dheirfiúr ar ais as an Lagán. Lá mór a bhíodh ann agus na fir uilig amuigh an lá a thagadh na girseacha ar ais as an Lagán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Eacnamaíocht an Teaghlaigh | Eacnamaíocht an teaghlaigh: imirce ón oileán go tíortha eile. D’imigh léir daoine go Alaska agus a leithéid. Bhí an saol crua do na daoine san am, bhí teaghlaigh mór agus b’éigean do chuid acu imeacht. Bhí 11 i dteaghlach Shéamuis é féin. | |
Iascaireacht | Tá deartháir Shéamuis in Meiriceá go fóill, bhí nia leis ag iascaireacht amuigh in California fosta. Bhí sé ar bhád le beirt fhear as Maigh Eo. Ag iascaireacht gliomach a bhí siad. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Ag déanamh na bpotaí gliomach iad féin san Earrach le slatacha. Bhí na slatacha le camadh ar dtús. Ní raibh airgead mór a shaothrú ar na gliomaigh. Nuair a bhíodh an séasúr thart, chaití an geimhreadh ag cóiriú na heangacha. Cur síos ar sin agus na uirlisí a bhí á úsáid acu (snáthadán agus mugarlán). | |
Iascaireacht | Iascaireacht scadán i dTeileann. A thuairimí ar mar a tháinig deireadh le iascaireacht na scadáin. | |
Iascaireacht | Iascaireacht an slí beatha is mó a bhí acu ar an oileán. Bhí cuid mhór préataí curtha acu fosta. Chuaigh moll acu amú agus bhíodh siad le caitheadh le binn acu. Eagla roimh an ocras ón tsean am a bhí orthu. Ní raibh aicíd ar bith ariamh ar na préataí ar an oileán | |
Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | Shiúladh siad na beithígh amach an Chlocháin i ndiaidh an rabharta mór Lá Pádraig le hiad a thabhairt go dtí an chearta i nGort an Choirce. Bhíodh rásaí amach an Clochán acu leis na beithígh agus isteach an oileáin arís an oíche sin. Ní raibh gabha ar bith ar an oileán agus thagadh siad amach ag Peadar Beag (Ó Domhnaill) i gCill Ulta nó chuig Mícheál Mac Giolla Chomhaill ar an Ardaí le crúite a chur ar na beithígh. Deir Jimeile gur chaith Peadar seachtain le Cathal (Charlie) Daly nuair a bhí sé ar a sheachnadh sular beireadh air. An oíche ar beireadh ar Chathal agus a rinneadh an spiadóireacht air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Muintir Inis Bó Finne agus muintir Thoraigh agus an craic a bhíodh acu. Rachadh dream amháin ag an dream eile, bhíódh aifreann ar dtús agus ansin damhsa i rith na hoíche. Ní raibh cead ólachán ar bith a bheith acu, bhí an sagart in a éadan. Ansin dhéanadh siad an rud céanna ar an oileán eile ina dhiaidh sin. An muintearas maith a bhí eatarthu. | |
Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire - an ghaoth, an ghrian, na néalta, na cnoic agus pisreoga ag baint leis an iascaireacht agus an aimsir. | |
Comharthaí Aimsire | Inis Bó Finne: Scread Na Bealtaine (bogadh san fharraige) agus an scáth bhuí. Mhaireadh sé trí lá. Dódh na Ceilpe. | |
Comharthaí Aimsire | Bogadh san fharraige - comhartha aimsire. Scéalta faoi seo. | |
Comharthaí Aimsire | Comharthaí Aimsire: Comharthaí Gaoithe:- Ruball an chapaill (mare’s tail). Néalta móra bán íseal óna cnoic. Comharthaí óna héin, faoileáin ina luí ar an talamh. Buailteog ar an ghrian, sin fáinne ar an ghrian. Ball gorm ar an ghrian. Dhá bhall ar an ghrian; comhartha go bhfuil aimsir mhaith agus teas iontach ag teacht. Comhartha farraige, an t-uisce ar íochtar ag obair in do éadan agus tú ag iomramh, comhartha stoirme. |
|
Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire: smúid ar an ghrian, bheadh ceobhrán ann. | |
Comharthaí Aimsire | Madadh gaoithe sa spéir macasamhail tua cheatha gairid. Ba sin comhartha gaoithe. | |
Éanlaith | Na Duibhéin :- éin farraige agus na comharthaí gaoithe agus fearthainne a fuaireas uatha. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Tórramh | An cosán a ghlactaí le coirp ó Inis Bó Finne go Gort an Choirce. An tionchur a bhí ag an aimsir ar seo. Teach pobail Ghort an Choirce agus reilig Tulacha Beigile a d'úsáid siad san am sin. Ag teacht amach go Machaire Uí Robhartaigh sa droch aimsir nó trasna na trá. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Báis | Scéal faoin am a fuair a athair bás agus fuair Jimeile comhartha ina bhrionglóid an oíche roimh ré. | |
Comharthaí Báis | Bád a cailleadh ar chúl Inis Bó Finne i 1928. D'inis an fear a sábhlaíodh, Pádraig Ó Colla, a scéal ar Raidió na Gaeltachta blianta ó shin. Cur síos ar an timpiste agus na comharthaí a feiceadh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Fear darbh ainm Brian Mac Aodh a bhí ar an oileán am amháin a bhí ábalta meáchain iontach a iompar. Bhíodh damhsa ina theach ar an oileán gach oíche den bhliain. | |
Imirce | Imirce: D’imigh uncail Shéamuis, Dónalll Ó Fearraigh go Butte, Montana in 1903 ag baint óir agus níor phill sé na bhaile níos mó. Scríobhadh sé na bhaile agus léadh máthair Shéamuis na litreacha dona thuismitheoirí, ní raibh léamh ar bith acu. Rinne sé go maith do féin ach chaill sé arís é san Wall Street Crash. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Báid agus Longa | Fuair Séamus agus a theaghlach bád déanta thíos ar na Dúnaibh ach tá sí ina luí ag an ché anois, tá poll ar a toiseach. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer