Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Na Naoimh | Tá oileán Dubhthaigh (Dúiche) amuigh ar chúl oileán Inis Bó Finne agus ba manaigh a bhí ann ar dtús, as Inis Caoil a tháinig siad. Bhí stoc acu agus ag obair an talaimh ansin, níl a fhios aige c’uair a d’fhág siad. Scéal faoin chorp a fuarthas ar an oileán, i ngarraí beag ag taobh theach an phobail, deirtear gur Naomh Dubhthach a bhí ann nuair a tháinig an corp go uachtar an talaimh. Bhíodh an t-oileán lán coiníní ach ní théann ceann ar bith acu isteach sa gharraí beag seo, níl aon cheann ann anois , measann sé gur tháinig aicíd orthu agus gur bhfuair siad uilig bás. Bhí cúpla teach ar an oileán fosta. Ghlac fear de chuid Uí Cholla máistreacht ar an talamh. Níl duine ar bith ina gcónaí ar an oileán anois , ní raibh áit sábháilte bád ann. Fuarthas cloch taobh istigh de dhoras theach an phobail ar an oileán seo, a raibh poll déanta isteach inti, cloch eibhir a bhí ann fá choinne uisce coisricthe. Thug an sagart an chloch seo isteach go Inis Bó Finne. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Báis | Scéal faoin am a fuair a athair bás agus fuair Jimeile comhartha ina bhrionglóid an oíche roimh ré. | |
| Comharthaí Báis | Bád a cailleadh ar chúl Inis Bó Finne i 1928. D'inis an fear a sábhlaíodh, Pádraig Ó Colla, a scéal ar Raidió na Gaeltachta blianta ó shin. Cur síos ar an timpiste agus na comharthaí a feiceadh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Aimsire | An ghrian agus comharthaí aimsire ag baint léi. | |
| Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire - an ghaoth, an ghrian, na néalta, na cnoic agus pisreoga ag baint leis an iascaireacht agus an aimsir. | |
| Comharthaí Aimsire | Báid iascaireachta a bhí ag imeacht amach lá amháin, d’imigh siad uilig ach fear amháin a bhí fios aige go raibh droch aimsir ag teacht. Briseadh léir de na báid an oíche sin leis an aimsir. | |
| Comharthaí Aimsire | Bogadh san fharraige - comhartha aimsire. Scéalta faoi seo. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Seirbhís Mhíleata | An saol ag éirí aníos ar Inis Bó Finne. Bhí saol ar dóigh aige, ag imirt peile, socair, níor imigh siad peil Gaelach ar bith. Chuir na Dúchrónaigh deireadh leis. Rinne siad iarracht deireadh a chur leis an Ghaeilge fosta, na cuimhní a bhí ag a mháthar ar seo, ag dul na scoile agus gan cead acu Gaeilge a labhairt nó leabhar Ghaeilge a bheith acu ach bhí a gcuid leabhair Gaeilge féin sa bhaile acu. | |
| An Eaglais Chaitliceach | Tógadh teach an phobail in Inis Bó Finne i 1965. An Dr. Ó Shíal a chur tús leis. Cur síos ar an am a thosaigh siad, an obair a rine siad, an caitheamh aimsire a bhíodh acu gach oíche agus an lá a osclaíodh í. | |
| An Creideamh | Bhí creaideamh láidir ar oileán Inis Bó Finne. Chur na sagairt bheannaithe suas Cros Bheannaithe i 1910 a d'adhradh muintir an oileáin gach lá nuair nach raibh siad ábalta fáil amach go tír mór. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iascaireacht | Iascaireacht an slí beatha is mó a bhí acu ar an oileán. Bhí cuid mhór préataí curtha acu fosta. Chuaigh moll acu amú agus bhíodh siad le caitheadh le binn acu. Eagla roimh an ocras ón tsean am a bhí orthu. Ní raibh aicíd ar bith ariamh ar na préataí ar an oileán |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Tórramh | An cosán a ghlactaí le coirp ó Inis Bó Finne go Gort an Choirce. An tionchur a bhí ag an aimsir ar seo. Teach pobail Ghort an Choirce agus reilig Tulacha Beigile a d'úsáid siad san am sin. Ag teacht amach go Machaire Uí Robhartaigh sa droch aimsir nó trasna na trá. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Báid agus Longa | Fuair Séamus agus a theaghlach bád déanta thíos ar na Dúnaibh ach tá sí ina luí ag an ché anois, tá poll ar a toiseach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Damhsa | Caitheamh Aimsire, damhsa sa scoil a bhíodh acu achan oíche agus ansin ghearr siad anuas e go trí oíche sa tseachtain. Thagadh na girseacha ón Lagán agus thosaíodh na damhsaí. San am sin, chaitheadh na girseacha go háirithe sé mhí den bhliain ar an Lagán. Dhá uair ina shaol a chonaic sé a athair ólta, ceann acu an lá a tháinig a dheirfiúr ar ais as an Lagán. Lá mór a bhíodh ann agus na fir uilig amuigh an lá a thagadh na girseacha ar ais as an Lagán. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer