Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Cnoc Fola

Luaitear Knockfalla i liosta sléibhte de chuid na contae den bhliain 1613 (Calendar Patent Rolls James I, 257). Tuigtear gurb í an ghinideach den fhocal fuil atá sa dara cuid den ainm agus de réir an tseanchais is í fuil Bhalair a maraíodh ar an chnoc atá i gceist. Tá an nóta seo a leanas ag Seán Ó Donnabháin san ainmleabhar: Cnoc Fola - ‘hill of the blood’. Here the celebrated Balor was slain if tradition be a true chroniclar.

Aistriúchán Bhéarla ar Chnoc Fola atá san ainm Béarla Bloody Foreland. Is ar chairt MacKenzie (1776) a fuair mé an chéad tagairt den ainm seo ach thiocfadh leis a bheith níos sine ná sin. Ní thagraíonn an dá ainm don ghné chéanna. Is don rinn tíre agus fíorchorruair don chnoc a thagraíonn an t-ainm Bloody Foreland ach is don chnoc amháin a thagraíonn Cnoc Fola. Rinn Aird Dealbha atá ar an rinn i nGaeilge. Tá sé suimiúil gur Runardallacht Pt. or Bloody Farland atá ag MacKenzie ar an rinn agus Cruck Falla Hill atá aige ar an chnoc.

Cnoc Fola

Logainmneacha eile i mBaile Fearainn Chnoc Fola

An Ailt
Abhainn Channon
Ard na hÁth
Ard na bPréachán
Áit an Chapaill
Alt an Chreathnaigh
Alt na Péiste
An tArd Donn
Ard na Croise
An tArd Rua
Beanna Beaga
Binn na Saighdiúirí
An Bhinn Bhán
Binn an Uisce
Binn Bhrianaigh Óig
Binn an Fhéir
Na Ballóga
Bun an Abair
Bun na hAbhann
An Bheann Ard
Na Beanna Gorma
Binn an Tobair
Cladach Mhín an Droighin
Cloch an Adhairc
Cloch Bhreac
An Cnoc Maol
Cúl na Leice Buí
Cúl na Reannach Ruaidhe
An Daingean
Doras an Lae
Doirb
Mín na Loch
An tOileán
Oileán na gCapall
Oileán an Daingin
An Pointe
Poll an Ghairbhéil
Poll Mhéabha
Poll Phádraig
Poll na Raithní
Poll na hOlla Buidhe
An Raithneach Rua
An Reannaigh
Reannaigh Ruadh
Scailp na Muice
Scailp an Droighin
An Scailp Mhór
Scailp Phadaí
Scáth na Feannóige
An Seascann
Seascann an Phoill Mhóir

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o