Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Mín an Chladaigh

mín ar na míreanna is coitianta i gcuid logainmneacha Thír Chonaill agus tá sé pléite agam go mion in áit eile (Donegal Annual 1984, Uimh. 36). Tig an mhír seo isteach i seacht mbaile fearainn sa pharóiste agus níl a fhios cá mhéad mionainmneacha, mar shampla, Mín Uí Bhaoill agus Mín an Fhia igCroithlí agus An Mhín Leathan ar an Tor.

‘Talamh féarach ar shliabh’ an gnáthmhíniú a thugtar ar an fhocal agus is amuigh sna cnoic atá bunús na n-ainmneacha seo le fáil. Eisceacht é Mín an Chladaigh mar a bheir an t-ainm é féin le fios dúinn. Ainm simplí go leor atá ann agus ní thig linn mórán eile a rá fá dtaobh de.

Inis Bó Finne amach ó chósta Mhín an Chladaigh.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o