Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Mín Doire Dhamh

Is féidir an logainm seo a mhíniú sa dóigh chéanna is a míníodh Mín Chorrbhaic thuas. Is é sin gur ceanglaíodh mín leis an tseanainm Doire Dhamh sa chás seo, go bhfuair muid logainm úr Mín Doire Dhamh. ‘Beathach eallaigh fireann’ an bhunchiall atá leis an fhocal damh. Ach i logainmneacha is minic a thagraíonn an focal do ghné aiceanta a bhfuil cosúlacht an daimh air, mar shampla, sa mhionainm An Damh Beag in Inis Oirthir. Ach san ainm seo is é an t-ainmhí é féin atá i gceist. Is minic a fhaightear ainmhí leis an mhír doire mar shampla, Mín Doire Thoirc sna Rosa.

Bhéarfar fá dear nach bhfuil an t-alt an san ainm seo rud a léiríonn gur ainm measartha sean é, mar atá an chuid is mó de na hainmneacha a bhfaigheann muid doire iontu. Casadh an mhír seo orainn roimhe san ainm Doirí Beaga. Foghraítear Mín Doire san ainm seo mar aon fhocal amháin, is é sin, míodar.

Teach Uí Dhúgáin i Mín Doire Dhamh, c. 1900.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o