|
Áit an tSeantí
Níl mórán amhrais fán ainm seo. Téann áit agus teach le chéile go minic sna logainmneacha m.sh. Áit Tí Flainn i Luimneach, Áit Tí Robhartaigh i nGaillimh agus Áit Tí an Dá Thaidhg (?) i nGartán. Ar feadh m’eolas níl rian ar bith den tseanteach le feiceáil anois. Tá Áit an tSeantí eile thíos i Machaire Gathlán.
|
|