|
Muine Dubh
Níl an t-ainm seo i ngnáth úsáid mórán; An Machaire Loiscthe an t-ainm coitianta a bheirtear ar an bhaile fearainn anois. Meenaduff an leagan Béarla atá ar an logainm seo rud a chuir Ó Donnabháin ar seachrán nó shíl sé gur mín a bhí sa chéad chuid den ainm: Mine dubh ‘Black misk or green field’ atá aige san ainmleabhar. Ach is muine atá sa chaint agus Mínnyduff atá ar léarscáil McCrea, rud a freagraíonn níos fearr do mhuine ná do mhín. Talamh íseal nó lagán atá sa Mhuine Dhubh agus sílim go bhfóirfeadh an chiall ‘thicket’ don ainm ná an chiall ‘droim’.
|
|