Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Gleann Tornáin

Glentornane, Hearth Money Rolls (1665); Gleann Tornáin - Tornan’s or Dornan’s Valley, Seán Ó Donnabháin.

Ghlac Seán Ó Donnabháin leis gur ainm duine a bhí sa dara cuid den ainm seo agus de réir an tseanchais is deisceabal de chuid Cholmcille an Tornán nó Torannán atá i gceist. Níl trácht ar bith ag Mánas Ó Domhnaill ar Thornán. Luaitear Torann amháin i bhféilirí na naomh. Bhí sé ina ab i mBeannchar (Meitheamh 12) ach ní thig é a cheangal le Colm Cille. Tá an t-ainm pearsanta Tornán le fáil i seanfhoinsí. Ach is é mo bharúil nach ainm duine atá sa dara cuid den logainm seo chor ar bith ach ainm abhna, an ceann a dtugtar Abhainn Ghleann Tornáin uirthi sa lá atá inniu ann.

Radharc den Earagail ó Ghleann Tornáin

Is minic a fhaigheann muid ainm abhna ceangailte le gleann, mar shampla, Gleann Súilí agus Gleann Fhinne. Uaireanta ní mhaireann bunainm na habhna anois ach amháin mar an dara cuid de logainm a bhfuil Gleann mar an chéad chuid de. Mar shampla, Culdaff River a bheirtear anois ar an abhainn atá ag reáchtáil fríd Gleann Daoile (Gleneely) in Inis Eoghain. Tá a fhios againn ón tSeanlitríocht gurb é An Daol bunainm na habhna seo. Ach ní mhaireann an t-ainm Daol ach sa dara cuid den ainm Gleann Daoile. Mar an gcéanna, is é mo bharúil gurb é An Tornán an t-ainm a bhí ar Abhainn Ghleann Tornáin an chéad lá. Bheadh gaol ag an ainm seo leis an ainmfhocal torann a chiallaíonn ‘tormán’ nó callánn’. Díol suime é go bhfaigheann muid torann agus callann araon mar ainmneacha ar dhá abhainn, is iad sin, An Callann in Ard Mhacha agus An Torann (Torrent) i dTír Eoghain.

Dálta an ainm Dobhar, bhainfeadh an t-ainm Tornán leis an ghrúpa is sine logainmneacha sa tír. D’fhóirfeadh An Tornán, is é an abhainn torannach, callánach, go maith mar ainm ar an abhainn seo.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o