Tá an focal seascann iontach coitianta sna logainmneacha sa taobh seo tíre. Tá Carraig an tSeascainn i mbaile fearainn Mhachaire Gathlán agus áit a dtugann siad An Seascann Mór air sa bhaile fearainn seo. Tá an focal beo sa chaint ‘bogach’ nó ‘talamh bog domasach’ an chiall atá leis.
Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire. Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com