|
Alltán
Is ionann Alltán agus allt. ‘Gleann’ an chiall atá le hallt, atá le fáil measartha minic i logainmneacha an cheantair seo. Is é an t-allt idir An Earagail agus An Eachla atá i gceist san ainm, áit a bhfuil Loch Alltáin. Tá tagairt don loch sa Civil Survey (1654): ‘River of Balliness hath a salmond fishery therein riseing out of Lough Altan’. Ní chuirtear an t-alt ‘an’ leis an ainm. Ba cheart an focal allt agus an t-ainm Alltán a scríobh le dhá l.
|
|