An Bun Beag
Bun na hAbhna a bheirtear ar an cheantar thart ar bhun abhainn na Cláideadh agus is é sin an bun atá i gceist san ainm. Bhí dhá bhun ann is cosúil, ceann beag agus ceann mór. Bun Ghaoth Dobhair a bhí ar an cheann mhór is cosúil, idir Inis Sionnaigh agus An Pointe, an áit a dtéadh An Gaoth i bhfarraige sular bhris An Caineál amach idir Inis Sionnaigh agus an tír. Maireann an t-ainm sa logainm Oileán Bhun Ghaoth Dobhair.
Níl ach 65 acra i mbaile fearainn an Bhuna Bhig agus tá sé ar an cheann is lú sa pharóiste. An áit a dtugann siad An Bun Beag air sa lá atá inniu ann, is é sin thart ar an Chroisbhealach, is i mbaile fearainn Mhachaire Chlochair atá sé sin. Sampla eile de leathnú logainm.
|