Inis Sionnaigh
Inishenny, Sur. Ult. (1608); Inis Sionnaigh ‘Island of the fox’, Seán Ó Donnabháin.
Is cinnte go bhfuil an ceart ag Ó Donnabháin nuair a deir sé gurb é ‘oileán an tsionnaigh nó oileán an mhadaidh rua’ an míniú atá ar an ainm seo. Mar a dúirt mé roimhe, siocair go mbaineann na hainmneacha a mbíonn ‘inis’ iontu le tréimhse luath na logainmneacha ní bhíonn an t-alt roimh ainmfhocal ina dhiaidh; is macasamhail Inis Fraoigh agus chan Inis an Fhraoigh a fhaigheann muid. Tá ar a laghad cúpla oileán sa tír a bhfuil Inis Sionnaigh orthu fosta, ceann acu sna Rosa.
Ní bhíonn an focal sionnach le cluinstin mórán sa chaint ach tá sé coitianta i logainmneacha sa cheantar, mar shampla, Léim an tSionnaigh agus Ruball Sionnaigh, dhá áit ar Abhainn Chroithlí.
|