Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Glaisear Chú

Is é seo an leagan Gaeilge is fearr a moladh go dtí seo. Tá sé de bhuntáiste aige go bhfreagraíonn sé go cruinn d’fhuaim an ainm rud nach dtig a rá fán litriú eile atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas, Glais Dhobharchú. Is cosúil go bhfuil mionainm sa bhaile fearainn seo a dtugtar Cloch an Dobharchú air agus deirtear gurb é an dobharchú céanna atá i gceist sa dá ainm. Ach níl an leagan Glais Dhobharchú ag teacht leis an fhuaimniú ar chor ar bith.

Is ar an mhír Chú den logainm a bhíonn an béim i dtólamh sa chaint ach is ar dobhar a bhíonn sé san ainmfhocal dobharchú. Níl sé furast a rá cad é an bunús atá leis an logainm seo. Is é Glashaghoo gan r an leagan Béarla a bhí ag an tSuirbhéireacht Ordanáis ar dtús ach is é Glais air chúmhaidh a mhothaigh Seán Ó Donnabháin ó fhear de bhunadh na háite, Donnchadh Mac Suibhne, a mhínigh é mar ‘stream of the grief’. Cé nach bhfuil mórán céille leis an mhíniú seo, freagraíonn sé go maith d’fhuaim an lae inniu agus taispeáineann sé go soiléir nár shamhail muintir na háite san aois seo caite go raibh aon bhaint ag an logainm seo leis an dobharchú.

De bharr easpa fianaise ní féidir a bheith cinnte fá bhunleagan nó fá chiall an ainm seo. Thiocfadh leis gur truailliú é ar rud inteacht cosúil le Glaise an Chú, Glaiseach Chú nó go fiú Glaiseach Aodha.

Radharc den Mhucais ó cheantar Ghlaisear Chú.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o