Mín na Cuinge
‘Sruthán nó caolas uisce idir dhá loch’ an chiall atá le cuing agus is ón chuing idir dhá Loch na Cuinge a ainmníodh an mhín seo. Níl trácht ar an bhaile fearainn roimh an tSuirbhéireacht Ordanáis ach tá tagairt don loch mar Loughnecong sa Civil Survey (1654). Níl An Chuing í féin ann níos mó ó ardaíodh leibhéal an uisce sa loch nuair a tógadh an staisiún ginte leictreachais ar Abhainn na Cláideadh agus go ndearnadh loch amháin as dhá Loch na Cuinge.
|