|
Inis Meáin
Inishmaine; Civil Survey (1654); Inis Meádhoin ‘middle Island’; Seán Ó Donnabháin.
Níl deacracht ar bith leis an ainm seo: ‘an t-oileán láir’ an míniú atá leis; tá sé sa lár idir Gabhla agus Inis Oirthir. Mar a dúirt mé thuas, bíonn ceann de dhá mhír le fáil in ainm oileáin de ghnáth, inis nó oileán. Is é oileán an gnáthfhocal ar ‘oileán’ agus níl an focal inis beo sa chaint anois. Tá inis níos sine ná oileán mar mhír i logainmneacha. Meastar nár toisíodh ar fheidhm a bhaint as oileán go dtí deireadh thréimhse na MeánGhaeilge, is é sin thart fán 12ú céad. Thart ar an am chéanna a chuaigh inis i léig mar mhír logainm is dóiche. Mar sin de, tá an hainmneacha a bhfuil inis le fáil iontu measartha sean rud a mhíneodh cad chuige nach bhfaigheann muid an t-alt iontu.
|
|