|
An Luinneach
Limagh (leg. Linnagh), Sur. Ult (1608); Lenagh, Civil Survey (1654); Luinneach ‘abounding in blades’, Seán Ó Donnabháin.
De réir cosúlachta, shíl Ó Donnabháin go raibh baint ag an ainm seo le lann míniú a mhothaigh mé féin ag daoine eile. Ach is é mo bharúil gur mó an seans gurb é an focal loingeach atá anseo, focal a mhínítear i bhFoclóir Uí Dhónaill mar ‘quaqmire’. Tá claonadh sa chaint -ing- a rá mar -inn- rud a mhíneodh foghrú an ainm; mar shampla, deirtear dinneadh in áit dingeadh, fairsinn in áit fairsing. Tig an focal seo loingeach ón fhocal long a chiallaíonn ‘slugaire’ nó ‘poll slogtha’. Tá an focal long le fáil sa chaint sa dara cuid de scraith loinge.
|
|