Srath Máirtín
Stramackilmartin an leagan oifigiúil Béarla atá ar an áit seo agus is é Srath Mhic Gilla Martan (sic) an leagan Gaeilge atá ag Ó Donnabháin. Má bhí duine ar bith de chlann Mhic Giolla Mháirtín san áit fad ó shoin tá dearmad déanta air anois nó is é an leagan gairid Srath Máirtín a bhíos sa chaint i dtólamh.
|