Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Machaire Chlochair

Maghery enclogher, Sur. Ult. (1608); Maghery Clogher, Civil Survey (1654); Machaire Chlochair - ‘plain of the $tones’, Seán Ó Donnabháin.

Ag amharc i dtreo na farraige, Machaire Chlochair sna 1930í.

Is é Machaire Chlochair a scríobhtar anois agus b’fhearr cloí leis an litriú sin cé go dtugann an chéad tagairt thuas agus an séimhiú ar an dara focal le fios go bhfuil alt báite sa lár, is é sin le rá gurb é Machaire an Chlochair an t-ainm bunúsach. Tá machaire coitianta i gcuid logainmneacha Thír Chonaill; tá sé le fáil i dtrí ainm eile sa pharóiste seo, is iad sin, Machaire Gathlán, Machaire Loiscthe agus Na Machaireacha agus i Machaire an Tearmainn sna Rosa.

‘Talamh íseal cothrom’ an chiall atá leis an fhocal. Tá an chuid is mó de na machairí le fáil thíos cois na farraige. ‘Áit chlochach’ atá i gceist le clochar agus níl baint ar bith ag an ainm le conbhint. Dálta machaire, tá clochar coitianta sna logainmneacha fosta, mar shampla, tá An Clochar Mór againn i nDobhar agus Clochar Mhic Neachtain,Clochar an tSneachta, ag barr Chois Cláidí.

Machaire Chlochair

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o