Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

An Tor

An Tor ar an bhaile fearainn is mó sa pharóiste. Talamh ard sléibhe is mó atá ann. Tá an focal tor iontach coitianta i logainmneacha thart ar chósta an Tuaiscirt ar fad. Is do stacán ard cloiche san fharraige a thagraíonn an focal tor de ghnáth agus is é sin go díreach an rud atá i gceist i macasamhla, An Tor Glas agus Tor Uí Arragáin, dhá stacán san fharraige thart ar Ghabhla. Castar an focal orainn fosta san ainm Toraigh ar ndóighe.

Is cosúil go dtig leis an fhocal tagairt do chnoc chomh maith. Mar a dúradh thuas, talamh ard chóir a bheith ar fad atá i mbaile fearainn An Toir agus tá neart cnoc ann. Ach is dóiche gurb é an cnoc a dtugtar Cnoc an Toir air go fóill an ceann dá dtagraíonn an t-ainm.

Seanteach i gceantar an Toir.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o