Mín an Chladaigh
Tá mín ar na míreanna is coitianta i gcuid logainmneacha Thír Chonaill agus tá sé pléite agam go mion in áit eile (Donegal Annual 1984, Uimh. 36). Tig an mhír seo isteach i seacht mbaile fearainn sa pharóiste agus níl a fhios cá mhéad mionainmneacha, mar shampla, Mín Uí Bhaoill agus Mín an Fhia igCroithlí agus An Mhín Leathan ar an Tor.
‘Talamh féarach ar shliabh’ an gnáthmhíniú a thugtar ar an fhocal agus is amuigh sna cnoic atá bunús na n-ainmneacha seo le fáil. Eisceacht é Mín an Chladaigh mar a bheir an t-ainm é féin le fios dúinn. Ainm simplí go leor atá ann agus ní thig linn mórán eile a rá fá dtaobh de.
|