Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

GAOTH DOBHAIR

Mar a dúradh roimhe níl paróiste Ghaoth Dobhair ach céad go leith bliain d’aois. Ach mar a tchífeas muid gan mhoill tá an t-ainm i bhfad níos sine ná sin. Tchífidh muid fosta go bhfuil cuid mhór le foghlaim, ó thaobh na logainmeolaíochta de as staidéar cuimsitheach ar an ainm, go háirid fá fhás agus fá fhorbairt logainmneacha agus fán dóigh a dtig le logainm aistriú ó áit amháin go háit eile. Mar atá a fhios ag an tsaol, chan ar an cheantar nó go fiú ar limistéar talaimh ar chor ar bith a tugadh an t-ainm an chéad lá ach ar an inbhear farraige idir an pharóiste agus Na Rosa, an áit a dtugann siad An Gaoth air go dtí an lá inniu. Tá sé deacair a bheith cinnte cá huair a toisíodh ar an ainm a thabhairt ar an cheantar. Sna foinsí roimh an 19ú céad is don ghaoth amháin a thagraíonn an t-ainm i dtólamh:

The river of Giodore – Civil Survey (1654)
Guydore R. – Léarscáil Taylor and Skinner (1778)

Is cosúil nach ndéantaí idirdhealú i gcáipéisí Béarla idir an ghaoth farraige agus an abhainn atá ag reáchtáil isteach ann. Is é seo an gnás a leanann an tSuirbhéireacht Ordanáis go fóill ar a gcuid léarscáileanna áit a dtagraíonn Gweedore River don rian uisce ar fad idir Loch an Iúir agus an Fharraige Mhór. Sa chaint áfach, nítear idirdhealú i dtólamh idir an dá ghné, Abhainn Chroithlí a bheirtear ar an abhainn, agus An Gaoth a bheirtear ar an inbhear a dtéann sí isteach ann. Tá an gnás seo ag teacht le córas ainmnithe áite na Gaeilge. Amharcfaidh muid anois ar an ainm é féin.

An Gaoth ó Rinn na Feirste.

Tá an focal gaoth le fáil mar mhír i ndornán beag logainmneacha thart ar chósta Dhún na nGall agus Mhaigh Eo. Sa chontae seo, le cois Ghaoth Dobhair, tá Gaoth an Chagail idir Machaire Gathlán agus An Luinneach, Gaoth na Brád idir Rinn na Feirste agus An Bhráid, Gaoth Luachrois, Gaoth Beara, Bun an Ghaoith in aice le Cúil Dabhcha in Inis Eoghain. I Maigh Eo tá Gaoth Sáile agus An Gaoth Rua. Níl an focal beo sa chaint anois taobh amuigh de chomhthéacs na logainmneacha ach tuigtear go coitianta gur ‘inbhear farraige’ atá i gceist leis agus is cinnte gurb é sin an chiall atá leis sna logainmneacha thuas. Faightear an focal sa tSeanGhaeilge leis an chiall chéanna ach mínítear uaireanta mar ‘farraige’ nó ‘muir’ fosta é. Tá sé soiléir ó chuid de na hainmneacha thuas nach logainmneacha bunúsacha iad. Ainmneacha neamhspleácha iontu féin iad An Bhráid agus Luachros mar shampla. Is é an rud a tharla gur ceanglaíodh an mhír gaoth leis an hainmneacha seanbhunaithe seo go bhfuarthas na logainmneacha úra Gaoth na Brád agus Gaoth Luachrois. Rud coitianta é seo sna logainmneacha agus is é an rud ceannann céanna a thug dúinn an t-ainm Gaoth Dobhair. Logainm neamhspleách é Dobhar a thagraíonn sa lá inniu do bhaile fearainn sa pharóiste. Ach, dálta an ainm Gaoth Dobhair é féin, chan do réimse talaimh a thagair an t-ainm an chéad lá ach don abhainn a dtugtar Abhainn Chroithlí uirthi sa lá atá inniu ann. Tá sé seo soiléir ó na tagarthaí don ainm sa tseanlitríocht. Is cosúil go raibh tábhacht ar leith leis an abhainn mar chrích idir Tír Luighdheach (b. Cill Mhic Néanáin) agus Tír Bháineach (b. Baollach agus Báineach) sna meánaoiseanna:

Cuid ag Conaill féin don roinn,
Teora fuinn críche Conaill;
Ó Feartais co Dobhar ndil
Ó dtá Dobhar co hEidhnigh
Leabhar Fíonacha 314

Tríocha Baghuine mbleachta,
Eolcha de lucht na ceiste;
Ó Eidhnigh co Dobhar ndil
Sileas as na garbhshléibhtibh.

Ón Dobhar díosgair céanna
Tríocha Luighdheach mhic Séadna
Gus an abhainn is glan lí
Danab ainm Súilidhi.
Leabhar Fíonacha 386

San fhoinse chéanna nítear tagairt do chath a troideadh ag Dobhar:

Cath Bearnais, cath Dobhar doinn
Cath Locha Feabhail faruill
Cath Gáirghi (?), Cath Srubha Broin
Ocus cath Airdi Eoghain.
Leabhar Fíonacha 326

Tá cúpla tagairt don ainm fosta ag Giolla Bríde Mac Con Midhe (13ú céad): Baodan liath Loingseach Dobhair (Irish Texts II. 8), Domhnall ó Dhobhar (Irish Texts II. 5).

Ó na tagarthaí seo ar fad, thig linn a rá go raibh eolas fada fairsing ar an ainm Dobhar mar ainm ar abhainn measartha tábhachtach sna meánaoiseanna. Ón chomhthéacs, tá sé soiléir go bhfreagraíonn an t-ainm do Abhainn Chroithlí. Bhí rian de sheanainm na habhna beo go dtí an 17ú céad déag:

Doore R. atá uirthi ar léarscáil Petty nó Hiberníae Delínatio (c 1683) rud a fhreagraíonn is dóiche do Abhainn Dhobhair sa Ghaeilge. Ach go fiú fá thús an chéid chéanna ba don bhaile fearainn a thagair an t-ainm Dobhar. Is iad seo leanas na príomhthagarthaí don bhaile fearainn sna cáipéisí oifigiúla: Dorryeightragh agus Dorry Meghtragh, Sur. Ult. (1608); Doore, Civil Survey (1654); Doare, Down Survey; Upper Doer agus Lower Doer, Hearth Money Rolls (1665); Dooer, Léarscáil McCrea (1801).

De réir na fianaise sna foinsí seo is cosúil gur chumhdaigh an t-ainm Dobhar ceantar níos fairsingí sa 17ú céad déag ná mar a chumhdaíonn an baile fearainn sa lá atá inniu ann. Níl trácht ar bith sna foinsí ar an dá bhaile fearainn eile sa taobh sin den pharóiste mar atá Croithlí agus Cnoc an Stollaire rud a bhéarfadh le tuigbheáil gur chumhdaigh Dobhar an ceantar ar fad idir Abhainn Chroithlí agus An Chláididh. Mar sin de ba é Dobhar an t-ainm a bhí ar an talamh a bhí ag síneadh le hAbhainn Dhobhair sa 17ú céad. Is dóiche gur tuigeadh gur ó ainm an bhaile fearainn a baisteadh an abhainn mar a tharlaíonn go mion minic agus nach ón abhainn a baisteadh an baile fearainn mar a tharla sa chás seo. Ach fán 19ú céad chan é baile fearainn Dhobhair ach baile fearainn Chroithlí a bhí ag síneadh leis an abhainn. Mar sin de, ní raibh ciall ar bith níos mó a bheith ag tabhairt Abhainn Dhobhair ar an abhainn agus de réir a chéile toisíodh ar Abhainn Chroithlí a thabhairt uirthi. Ach cad é an bunús atá leis an ainm seo Dobhar a tugadh an chéad lá mar ainm ar abhainn agus a mhaireann go fóill mar ainm ar bhaile fearainn agus sa dara cuid den ainm Gaoth Dobhair?

Is féidir a rá ar fhianaise na logainmeolaíochta go mbaineann ainmneacha na bpríomh-aibhneacha leis an ghrúpa logainmneacha is sine sa tír. Tá dhá rud le tabhairt fá dear fá dtaobh de na hainmneacha seo. An chéad rud, bíonn siad iontach simplí ó thaobh struchtúir de; ní bhíonn san ainm ach focal amháin: Sionainn, Bearú, Feabhail. An dara rud, is gnách go mbíonn an focal sin doiléir ó thaobh brí de sa lá atá inniu ann, mar atá sna samplaí a thug mé. Thig leis an fhocal sin a bheith ó bhunús ina (a) ainmfhocal: Dao/, Siúir, nó ina (b) Aidiacht: Fionn, Dubh, Odhar. Sa lá atá inniu cuirtear an t-alt (An) roimh ainm abhna i gcónaí m.sh. An Bhóinn, An Fheabhail, An tSúiligh, Abhainn na Finne. Ach is gnás é seo nach dtáinig isteach go dtí an 11ú céad.

Sa tSeanlitríocht ní bhíonn an t-alt le fáil le hainm abhna ariamh agus nuair a bhíonn ainm abhna le fáil mar an dara cuid de sheanainm eile ní bhíonn an t-alt (An) roimhe ach oiread: An tSúiligh, Abhainn na Finne, An Daoil, ach Gleann Súilí, Gleann Fhinne, Gleann Daoile. Is leis an ghrúpa ainmneacha aibhneacha seo a bhaineann an t-ainm Dobhar. Tá sé simplí i struchtúr, doiléir i gcéill agus ní chuirtear an t-alt leis sa chaint. An cheist atá le réiteach anois a dhéanamh amach cé acu aidiacht nó ainmfhocal a bhí san ainm ar dtús agus cad é an chiall atá leis.

Níl an focal dobhar beo i gcanúint ar bith de chuid na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Ach faigheann muid dobhar mar dhá fhocal ar leith le dhá chiall ar leith sa tSeanGhaeilge, ceann acu, mar a tharlaíonn, ina aidiacht agus ceann eile ina ainmfhocal. Amharcfaidh mé ar an aidiacht ar dtús. ‘Dorcha’ an míniú a bheirtear sa tseanlitríocht ar an aidiacht dobhar. Is suimiúil an rud é go mbíonn sé le fáil go minic sa litríocht le hainmfhocal a thagraíonn do uisce: dobharlinn ‘linn dorcha’, dobharuisce ‘uisce dorcha’ dobharcheo ‘ceo dorcha’. Is maith a d’fhóirfeadh an chiall ‘dorcha’ do Abhainn Chroithlí a mbíonn dath donn, dorcha ar a cuid uisce i dtólamh, rud a thug an file fá dear san am a chuaigh thart agus é ag cur síos ar ‘cath Dobhar doinn’. Mar ainm abhna d’fhreagródh an aidiacht dobhar do na hainmneacha i rannóg (b) thuas, is é sin le rá ainmneacha ar aidiachtaí iad go bunúsach. Tagraíonn an aidiacht don tréith is suntasaí a bhaineann leis an abhainn agus tagraíonn cuid mhaith de na hainmneacha sa rannóg seo do dhath an uisce: Dearg (Abhainn na Deirge); Odhar (An Uidhir i bPort Láirge); Dubh (i Sligeach).

‘Uisce’ an míniú a bheirtear ar an ainmfhocal dobhar sa tSeanGhaeilge. Freagraíonn an focal seo go díreach do dwfr sa Bhreatnais, an gnáthfhocal ar uisce sa teanga sin. Caithfidh sé go ndeachaigh an focal i léig go luath sa Ghaeilge nó go fiú fá aimsir na SeanGhaeilge is i ngluaiseanna nó i ‘bhfoclóirí’ chóir a bheith amháin a fhaightear é:

dobhar enim coitchend bérlae iter Goídheílc agus Chombreic .i. uisce unde dicitur dobhorchú
‘Sanas Chormaic’

‘bior’, ‘an’, is ‘dobhar’ trí hanmann Uisce an domhain
‘Metrical Glossary’

Mar a bheirtear le fios sa chéad ghluais thuas is é an focal seo atá sa chéad chuid den fhocal dobharchú ‘madadh uisce’. Tá sé le tuigbheáil as an dara gluais gur cineál ar leith uisce atá i gceist leis an fhocal. De réir na sanasaíochta, is cosúil go bhfuil dlúthbhaint idir an t-ainmfhocal seo agus an aidiacht dobhar a ndearnadh trácht uirthi thuas. Má tá, is dóiche gur ‘uisce dorcha’ a bhí i gceist leis an fhocal an chéad lá, ciall a d’fhóirfeadh d’ainm na habhna mar a chonaic muid roimhe seo. Tá sé suimiúil gur do uisce dorcha a thagraíonn an t-aon sampla den fhocal atá le fáil taobh amuigh de na gluaiseanna:

ná déna snámh dobhuir duibh

Tá dhá mhíniú ar an ainm Dobhar mar sin ceann amháin chomh hinchosanta ó thaobh na logainmeolaíochta de leis an cheann eile. Ach bheadh claonadh agam féin glacadh leis an dara míniú, is é sin gur dobhar ‘uisce’ atá i gceist san ainm. Tá cúpla cúis agam leis. Ar feadh m’eolais níl an focal dobhar, cá bith ciall atá leis, le fáil ach i logainm amháin eile in Éirinn, is é sin san ainm Bun Dobhráin. Ainm abhna eile, Dobhrán a bhí sa dara cuid den logainm seo. Ach thig an bhunfhoirm den fhocal dobhar isteach go minic i logainmneacha de bhunús Ceilteach sa Bhreatain agus ar an Mhór-Roinn m.sh. Dover i Sasain agus Tauber abhainn de chuid na Gearmáine. Is féidir a rá le cinnteacht gurb í an chiall ‘uisce’ atá i gceist sna logainmneacha udaí. Ach tá tacaíocht do mo bharúil le fáil níos deise do bhaile mar atá san ainm Gaoth Beara. Is féidir an t-ainm Gaoth Beara a mhíniú ar an dóigh chéanna is a míníodh an t-ainm Gaoth Dobhair, is é sin, gur ceanglaíodh an mhír gaoth le bunainm na habhna le trácht ar an inbhear.

Cé go bhfuil claonadh anois ann Abhainn Ghaoth Beara a thabhairt ar an abhainn seo is é Abhainn Bheara an t-ainm a bhíodh ag na seandaoine uirthi. Tá sí ag teacht as loch a dtugtar Loch Beara uirthi. Tá go leor fianaise ann mar sin lena rá gur ainm tánaisteach é Abhainn Bheara agus gurb é Bior (gin. Beara) an t-ainm bunaidh. Níl an t-ainm Bior le fáil go neamhspleách sa cheantar anois ach tá sé le fáil sa tseanlitríocht mar ainm ar abhainn eile, ceann a dtugtar Blackstaff (Co. Lú) uirthi sa Bhéarla sa lá atá inniu ann. Mar a chonaic muid thuas mínítear bior taobh le taobh le dobhar sa tseanlitríocht mar chineál uisce. Ach, oiread leis an fhocal eile, níor mhair an focal bior leis an chiall ‘uisce’ sa Ghaeilge ach amháin mar chuid den fhocal biolar (SeanGh. biorar) a thagraíonn d’ainm planda a fhásann san uisce. Ó tharla go gciallaíonn an seanainm Bior ‘uisce’ thig linn bheith níos cinntí gurb é ‘uisce’ agus nach é ‘dorcha’, bunbhrí an ainm Dobhar. Ar scor ar bith, is féidir a rá go mbaineann Dobhar agus Bior araon leis na logainmneacha is sine sa tír seo, logainmneacha atá chomh sean leis an Ghaeilge í féin.

Mar a dúradh roimhe, chan d’abhainn a thagraíonn an t-ainm Dobhar anois. Rud coitianta é go mbogann logainm ón ghné dár tugadh é ar dtús go dtí gné eile. Tá sampla maith den phróiséas seo againn san ainm Sligeach. Ba ar an abhainn a baisteadh an t-ainm Sligeach ar dtús; ach de réir a chéile tugadh an t-ainm ar an talamh cois na habhna; tugadh ainm úr An Gharbhóg ar an abhainn. Chaithfeadh bunchiall an ainm Dobhar a bheith caillte sula bhféadfaí é a aistriú go dtí an talamh. Cha dtabharfaí focal a chiallaigh ‘uisce’ mar ainm ar ghiota talaimh! De réir na dtagarthaí ar fad don ainm sna foinsí éagsúla is cosúil gur am inteacht idir an 13ú céad agus deireadh an 16ú céad a aistríodh an t-ainm. B’fhéidir gur ar an cheantar a bhí Giolla Bríde Mac Con Midhe ag trácht sna tagarthaí a tugadh roimhe. Is mó an seans gur don abhainn agus nach don bhaile a thagraíonn an dara cuid den ainm Gaoth Dobhair, is é sin le rá gur cumadh an t-ainm Gaoth Dobhair am inteacht roimh an 13ú ar an laghad. Dálta mar a bogadh an t-ainm Dobhar ón abhainn dár thagraigh sé ar dtús, bogadh an t-ainm Gaoth Dobhair ón inbhear nó ón ghaoth dár thagraigh sé go dtí an ceantar iomlán. Ar an fhianaise is cosúil gur am inteacht idir deireadh an 17ú céad agus tús an 19ú céad a tharla sé seo.

Cad chuige ar tugadh an logainm seo thar logainm ar bith eile mar ainm ar an cheantar? Anuas go dtí lár an chéid seo caite bhí tábhacht ar leith ag baint leis An Ghaoth. Sular tógadh droichead ar Abhainn Chroithlí bhí an bealach mór idir Dún Fionnachaidh agus Na Cealla Beaga ag reáchtáil síos go dtí an Gaoth. B’éigean do lucht taistil tuirlingt ansin agus siúl anonn ar an fhearsaid trasna an Ghaoith go Rinn na Feirste. Mar sin de is cinnte go mbíodh eolas maith ag lucht taistil ar Ghaoth Dobhair sé sin An Gaoth, mar áit thábhachtach agus, uaireanta, mar áit chontúirteach ar an bhealach idir an dá bhaile mhór. Tá sé sin soiléir ón mhéid a scríobh James McParlan sa bhliain 1801:

As the mountain region commences at Killybegs, and acompanies the ocean all round those parts of the county, it would be nearly endless to enumerate all the rivers, that have indented their traces on its face; most of those indentures are dry in fair weather, but in times of rain and floods are not only full but overflown. The largest of those are Guidowre and Guibarrow and are, of all the rest, the most remarkable for annoying those who have the good fortune of travelling this region.
Statistical Survey of the County of Donegal (1802)

Is gnách go n-ainmnítear ceantar mór as an ghné is tábhachtaí sa cheantar sin, sliabh, abhainn, caisleán, dún nó cill. Ba é An Gaoth an rud ba thábhachtaí is cosúil sa taobh seo tíre go dtí tús an 19ú céad agus is cinnte gur chuidigh clú na háite le leathnú an ainm. Ach níor tharla an leathnú sin thar oíche. De réir McParlan thuas is cosúil gur don abhainn agus don Ghaoth amháin a thagraigh an t-ainm sa bhliain 1801. Go fiú sa Parliamentary Gazeteer don bhliain 1844 is do ‘rívulet, a bay and a wretched fishing village’ a thagraíonn sé. Ach bhí dhá rud i ndiaidh titim amach idir an dá linn, dhá rud a bhí leis an ainm a chur go mór chun cinn. Mar a dúradh ag an tús, sa bhliain 1836 chruthaigh An Eaglais dhá pharóiste neamhspleácha as seanpharóiste Thulcha Beaglaoigh; Tulcha Beaglaoigh Thoir agus Tulcha Beaglaoigh Thiar. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thoisigh an tiarna talaimh George Hill ag ceannacht gabháltais bheaga talaimh sa cheantar go dtí go raibh os cionn leath na paróiste úire ina sheilbh aige fán bhliain 1850. The Gweedore EstateThe Gweedore Properties a thug sé ar na tailte seo agus sa bhliain 1845 d’fhoilsigh sé paimfléad Facts from Gweedore ag cur síos ar na ‘leasúcháin’ a bhí curtha i gcrích aige ar an eastát s’aige.

Bhí na leasúcháin chéanna le go leor calláin a tharraingt sna blianta a bhí le theacht sa dóigh is go raibh an t-ainm Gweedore imbéal an phobail sa chuid is mó den dara leath den 19ú céad. Níor chumhdaigh eastát Hill limistéar na paróiste ar fad ar ndóigh ach siocair go raibh sagart na paróiste, An Sagart ‘Ac Pháidín, gaibhte chomh mór sin leis an chlampar bhí an t-ainm á thabhairt i ndiaidh tamaill ar an pharóiste iomlán. Sa deireadh ghlac an Eaglais le Gaoth Dobhair mar ainm oifigiúil. Is dóiche gurb é An Cumann Lúthchleas Gael is mó a chuidigh le cur chun cinn agus le buanú an ainm sa chéad seo.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o