Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Croithlí

Is dóiche nach bhfuil mórán ainmneacha eile sa chontae a mbíonn an oiread céanna easaontais fá dtaobh de ná an t-ainm seo. Is é Croithlí an leagan oifigiúil Gaeilge ar an ainm ó ritheadh Acht na Logainmneacha sa bhliain 1974 ach d’ainneoin sin níl glacadh coitianta leis an leagan sin go fóill. Is iomaí míniú a bheirtear ar an ainm: Cró Laogh, Cró Oiligh, agus CroichshligheCrochshlí.

Níl an chéad dá leagan ag teacht le fuaimniú an ainm nó is ar an chéad shiolla a bhíos an t-aiceann i dtólamh agus bíonn análú nó h le cluinstin leis an l ann fosta. Is é CrochshlíCroichshlighe is minice a bhíos le feiceáil anois. Is é Seosamh Laoide a mhol an Croichshlighe mar leagan Gaeilge den chéad uair (Post-Seanchas 1905). Ó tharla go raibh tacaíocht oifig an phoist taobh thiar den leagan scríofa seo ar feadh trí scór bliain tá sé furast go leor a thuigbheáil cad chuige a bhfuil sé chomh daingean dobhogtha mar atá anois.

Maítear fosta go léiríonn an seanleagan scríofa seo ciall an ainm rud nach ndéanann an leagan úr Croithlí. (Leoga, bíonn an chosúlacht ann amannta go mbeadh daoine sásta troid ar son an ‘tseanainm’ in éadan an ruagaire reatha eile). Glactar leis an leagan Croichshlighe mar chomhfhocal den dá fhocal croch agus slighe agus mínítear é mar ‘an tslí nó an bealach crochta’. Fóireann an míniú seo go cruinn, deirtear, don dóigh a bhfuil an bealach mór fríd an tsráidbhaiie ‘crochta’ ar thaobh an chnoic. Tá cúpla pointe in éadan an mhínithe seo áfach.

Croithlí

Ó thaobh na staire de, tá fianaise againn ón chéad eagrán den léarscáil 6” (uimhir41) de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis nach raibh bealach ar bith, mór nó beag, ag dul fríd an bhaile sa bhliain 1836 cé go bhfuil tagairt don ainm le fáil ar léarscáil McCrea a foilsíodh sa bhliain 1801. Tá deacracht fán mhíniú seo ‘bealach crochta’ ó thaobh na logainmeolaíochta de. Tá an comhfhocal ar na strúchtúir logainmneacha is sine dá bhfuil ann. Níl logainmneacha comhfhoclacha fairsing agus tá líon na míreanna a bhíos le fáil iontu teoranta. Ó tharla gur iasacht ón Laidin é an focal croch ní bheadh sé sean go leor le bheith ina mhír in ainmneacha den chineál. Rud eile, níl ceachtar den dá leagan Crochshlí nó Croichshlighe ag freagairt do fhuaim an ainm sa Ghaeilge; tá an leagan Béarla Crolly níos deise don fhuaim ná iad. Tá an fhianaise ar fad mar sin i gcoinne an leagain Croichshlighe. Fágann sé sin an leagan Croithlí.

Tá an leagan oifigiúil Croithlí bunaithe, is cosúil, ar an leagan Gaeilge Craithlidh, áit a míníonn Seán Ó Donnabháin é mar ‘quagmire’. D’fhéadfaimis glacadh le leagan Uí Dhonnabháin mar thuiseal tabharthach calcaithe de ainmfhocal den dara díochlaonadh le foirceann –(e)ach. Is minic -idh in áit -igh ag Ó Donnabháin. Tá neart samplaí de logainmneacha den chineál seo le -ach againn:

Toraígh (SeanGhaeilge Torach), muintir Thoraí; Corcaigh (SeanGhaeilge Corcach) muintir Chorcaí. Mar mhalairt ar ‘each’ is minic a fhaigheann muid –l(e)ach, mar shamplaí, Corclach (Co. Chill Chainnigh), Ceatharlach, Breaclach a bhfuil cuid mhaith samplaí de sa tír, ceann acu ina mhionainm i mbaile fearainn Chroithlí é féin.

Baineann na logainmneacha seo le -ach le haicme atá measartha sean. Tá brí aidiachta leis an ach sa mhéad is go gcuireann sé in iúl go bhfuil an rud dá dtagraíonn an chéad chuid den ainm le fáil san áit. Mar shampla, ciallaíonn an t-ainm Creagach go bhfuil creaga le fáil san áit dá dtagraíonn an t-ainm sin. Mar an gcéanna ciallaíonn an t-ainm Bogach gur talamh bog atá san áit.

Tá glac bheag ainmneacha ann a bhfuil an mhír crith — crath — croith —craith — le fáil iontu agus is cosúil go bhfuil na hainmneacha seo ar fad ag cur síos ar an talamh, is é sin ‘talamh bog domasach’ nó scraith loinge atá i gceist: Crathaigh sna Rosa, Croithleán i Maigh Eo, agus Crithligh i dTír Eoghain.

Glacaimse leis fosta gur leagan den mhír chéanna atá san ainm Croithlí. D’fhéadfaí a rá nach bhfóireann an chiall ‘talamh crathach’ don chineál talaimh atá i gCroithlí. Ach caithfear cuimhneamh, go bhfuil an baile fearainn ag síneadh ó Loch Caol síos chomh fada leis an Ghaoth chóir a bheith agus go gcumhdaíonn sé os cionn ceithre mhíle acra. Bheadh sé deacair a rá cad é an chuid den bhaile sin dár thagair an t-ainm an chéad lá. Ach is cinnte go bhfóirfeadh an t-ainm go maith don ghiota talaimh idir an bealach mór agus An Gaoth. Mar sin de, tá an leagan oifigiúil Croithlí ag fóirstean go maith don áit ó thaobh céille de.

Mar leagan litrithe níl sé gan locht. Sa chéad áit, b’fhearr -igh an tabharthaigh in áit an ghinidigh. Sa dara háit, cé nach mbíonn difear ar bith sa chaint idir -aith- agus -oith- mar shampla sna focail maith agus scoith, bíonn deifir eatarthu nuair a leanann -l- iad; bíonn fuaim a gairid le -aith ach fuaim i gairid a bhíonn le -oith, mar shampla sna focail aithleas agus roithleán. Ós rud é gurb í an fhuaim a gairid atá leis an ainm sa chaint b’fhearr é scríobh mar Craithligh mar a bhí i gceist ag Seán Ó Donnabháin. Ach ó tharla gurb é Croithlí a leagan oifigiúil anois agus go léiríonn sé ciall chruinn an ainm agus ó tharla go mbeadh acht eile de chuid na Dála a dhíobháil lena athrú, tá sé chomh maith glacadh leis mar leagan scríofa.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o