|
LOGAINMNEACHA GHAOTH DOBHAIR le Dónall Mac Giolla Easpaig
Tá Gaoth Dobhair suite sa choirnéal thiar thuaidh de Thír Chonaill, An Fharraige Mhór ar dhá thaobh de, na Rosa agus Cloich Cheannfhaolaidh ar an dá thaobh eile. Paróiste de chuid na hEaglaise Caitlicí atá ann ón bhliain 1836. Go dtí sin ba chuid de sheanpharóiste, nó paróiste shibhialta Thulcha Beaglaoigh é agus ar feadh i bhfad ba é Tulcha Beaglaoigh Thiar an t-ainm oifigiúil a bhí ag an Eaglais ar an pharóiste úr. Is i mbarúntacht Chill Mhic Néanáin atá paróiste Thulcha Beaglaoigh suite; mar sin de is le ceantar na dTuath, nó Tír Luighdheach, a bhaineann Gaoth Dobhair ó thaobh na staire de. Cé nár aithin an stát na paróistí caitliceacha go dlíthiúil mar aonaid riaracháin iontu féin ariamh comhraítear Gweedore mar Cheantar Íoclainne agus mar Cheantar Cláraitheora in eagrán 1901 den Townland Index of Ireland, an chéad aitheantas dlíthiúil a tugadh do ainm nó do limistéar na paróiste is cosúil.
De réir na hiontrála sin sa T.L.I. cumhdaíonn an pharóiste corradh is 65 míle cearnógach rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann dena haonaid riaracháin is fairsingí sa tír sa lá atá inniu ann. Ceantár an-éagsúil é de thairbhe gnéithe aiceanta de: sléibhte agus gleannta thoir, machaire íseal cois farraige, líne oileán thiar á chosaint ó shíon na farraige móire. Talamh bocht caoráin atá sa chuid is mó de amach ó chrios chúng féaraigh fán chósta. D’ainneoin an drochthalaimh tá Gaoth Dobhair ar na ceantracha tuaithe is dlúithe daonra in iarthar na hEorpa sa lá atá inniu ann. Ach is cosúil nach raibh an scéal amhlaidh fad ó shoin: sna Hearth Money Rolls (1665) ní luaitear ach ocht dteallach i n-iarthar Thulcha Beaglaoigh amach as triocha is a sé don pharóiste ar fad, rud a chruthaíonn go raibh an daonra iontach beag ag an am.
Bhéarfadh fianaise na seandálaíochta le tuigbheáil nach raibh mórán cónaithe sa cheantar roimhe sin ach oiread. Ach ó thús an 19ú céad ar aghaidh tháinig méadú as cuimse ar an daonra agus mar thoradh air sin rinneadh cónaí go fiú san háiteacha is iargúlta ann, áiteacha nár leag aon duine cos iontu ariamh roimhe sin, b’fhéidir. D’fhág na tosca seo ar fad, suíomh, dreach fhisiciúil agus go háirid stair, d’fhág siad seo ar fad a lorg ar chuid logainmneacha an cheantair agus caithfear iad a chur san áireamh nuair atá na hainmneacha sin faoi scrúdú. Mar shampla, de thairbhe an bhrú mhór daonra sa chéad seo caite agus de thairbhe ganntanas agus bochtaineacht an talaimh cuireadh ainm ar leith ar gach aon spleotán, cuibhreann, pollán, ardán, cnoc agus turtóg ón chladach amach go dtí na cnoic. Siocair go maireann an teanga inár cumadh iad, maireann na céadta dena hainmneacha sin ag na seandaoine go fóill.
D’fhéadfadh na mionainmneacha seo cur lenár gcuid eolais ar shaol na ndaoine sa chéad seo caite ach iad a bheith cnuasaithe agus mionscagadh a bheith déanta orthu. Ó tharla nach bhfuil an chnuasach sin déanta gan trácht ar an scagadh, caithfidh na mionainmneacha fanacht. San alt seo is iad na hainmneacha riaracháin, is é sin le rá ainm na paróiste agus ainmneacha na mbailte fearainn taobh istigh di, a bheas faoi chaibidil agam.
Ocht mbaile fearainn déag is fiche le cois ceithre oileán a áirítear mar bhailte fearainn atá i nGaoth Dobhair. Níl na bailte fearainn ar an mhéid chéanna; sa cheann is lú An Bun Beag, níl ach 65 acra ann, sa cheann is mó An Tor, tá os cionn 5,000 acra. Téann ainmneacha na mbailte fearainn ar fad siar roimh aimsir na chéad Suirbhéireachta ordanáis (c. 1835). Tá a mbunús marcáilte ar léarscáil McCrea (1801). Ach mar gheall ar easpa thábhacht an cheantair roimh an 19ú céad níl tagairt ach do ghlac bheag dena hainmneacha seo i gcáipéisí oifigiúla an 17ú céad, agus níl trácht ar cheann ar bith acu sa tréimhse roimhe sin. Ar ndóighe, ní hionann sin is a rá nach raibh na hainmneacha ann. Bhí, agus is féidir a chruthú go bhfuil cuid acu iontach sean. Sna leathanaigh romham dhéanfaidh mé plé ar ainm na paróiste ar tús agus ansin ar ainm gach aon bhaile fearainn i ndiaidh a chéile in ord aibítreach. Beidh mé ag iarraidh go speisialta ar theacht ar bhunús agus ar bhunbhrí gach ainm. Leis sin a dhéanamh beidh mé ag brath ar dhá chineál fianaise ar an ainm, fianaise scríofa agus fianaise na cainte. Go fiú i gceantar Gaeltachta cosúil le Gaoth Dobhair thig athrú ar logainmneacha thar na céadta nó nítear dearmad ar a mbunús. Sa chás sin thig leis na leaganacha éagsúla scríofa den ainm a bhíos le fáil i gcáipéisí oifigiúla ón 17ú céad anall cuidiú linn an leagan bunaidh den ainm a dhéanamh amach. |
|