An Chorrmhín
Cor mhín - ‘a smooth round hill’ an míniú a thug Seán Ó Donnabháin ar an ainm seo ach ní raibh an ceart aige sa chás seo. Ar an chéad shiolla den ainm a bhíonn an t-aiceann i dtólamh sa chaint rud a bheir le fios gur cheart é a scríobh mar aon fhocal amháin. Comhfhocal den aidiacht corr agus an t-ainmfhocal mín atá san ainm. Tá mín iontach coitianta sa taobh seo tíre agus pléitear thíos é. Is iomaí ciall atá leis an aidiacht corr agus bheadh sé deacair a rá cé acu ceann ab fhoirstiní anseo – ‘éagothrom’ b’fhéidir.
|