|
Doirí Beaga
An t-iolra den fhocal doire atá san ainm seo. Tá doire ar na míreanna logainmneacha is coitianta i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. ‘Coill darach’ an bhunchiall atá leis an fhocal. Ní chuirtear an t-alt roimh an ainm seo ariamh sa ghnáthchaint; Doirí Beaga, Halla Dhoirí Beaga agus i nDoirí Beaga a deirtear i dtólamh. Ach tá an t-alt ag sleamhnú isteach san ainm le tamall anuas fá thionchar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
|
|