Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Bun an Leaca

Is é an leagan Béarla an rud is suimiúla fá dtaobh den ainm seo. Brinlack a scríobhtar i dtólamh agus tá sé suimiúil an dóigh a mbítear ag iarraidh an chéad chuid brin a mhíniú mar Ghaeilge. Ach tá an leagan Béarla seo bunaithe ar earráid chló ar chairt farraige MacKenzie 1776, an chéad thagairt don áit atá againn. De réir cosúlachta, is é an rud a tharla gur léadh u ar phláta capair mar -ri- bun os cionn rud a bheadh iontach furast a dhéanamh. Ar scor ar bith lean an tSuirbhéireacht Ordanáis agus Oifig an Phoist an earráid agus tá sé buanaithe sa Bhéarla ó shoin.

Ach is é Bun-leaca an leagan Gaeilge a bhí ag Seán Ó Donnabháin agus is é Bun a Leaca a bhíos sa chaint i dtólamh. Tá fianaise láidir againn mar sin gurb é Bun an Leaca an rud ceart. ‘Taobh cnoic’ an chiall atá le leaca agus tá sé firinscneach anseo mar a bhíonn go mihlc i dTír Chonaill. Mar shampla, tá Loch an Leaca ann, idir Mín Chorrbhaic agus Loch Achair. Is ionann é agus leacain atá measartha coitianta i logainmneacha ar fud na tíre.

Bun an Leaca sna 1930í.

Logainmneacha eile i mBaile Fearainn Bhun an Leaca

Abar na gCnámh
Abar na gCnámh
An Choille
An Clochar
An Clochar Geal
An Creig Mhór
An Garraí
An Mhín Charraig
An Pháirc
An Pháirc Mhór
An Pháirc Úr
An Pointe
An Seascann Dóite
An Speal
An tArd
An Trough
An tSeanpháirc
Ard na Croise
Ardán Eoghain
Baile an Bhachta
Barr an Bhaile
Barr na Mallach
Bun an Inbhir
Cabhsa Anna
Cladach an Leathaigh
Cloch Léana an Damhsa
Cloch Mhór an Chnapáin
Cloch Mhór Mhuineál an Gharraí
Clochar an Mhadaidh Uisce
Clochar Neansaí
Cnoc Dhonnchaidh
Cnoc na Páirce Móire
Corradh Mhicí
Corradh Mhuiris
Droim an Tí Bhig
Droim Rua
Garraí an Phunta
Gob an Choirte
Lag an Chairéil
Lag na hAltóra
Lána an Bhaile Íochtaraigh
Leac an Duilisc
Leac na bPáistí
Leac na Creathnaigh
Leacacha an Duilisc
Loch Neidí
Malaidh John
Na Creagacha Breaca
Na Garraithe
Na Scraitheacha
Páirc Hiúdaí
Poll an Gharraí
Poll an Gharraí
Poll an Leithéid
Scailp Bheag
Scailp Mhór
Stoirnín
Taobhán Uí Churráin

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o